skip to main content

Sarkozy scaoilte saor

Nicolas Sarkozy-Príosúnacht thar a bheith dian a thug sé le fios
Nicolas Sarkozy-Príosúnacht thar a bheith dian a thug sé le fios

Tá iar-Uachtarán na Fraince,Nicolas Sarkozy scaoilte saor as an bpríosún.

D'ordaigh breitheamh go saorfaí Sarkozy inniu fad is a bheadh an t-achomharc in aghaidh a chiontaithe ar bun.

Beagnach 3 seachtainí ó shin a chuir sé tús le téarma príosúnachta 5 bliana i bpríosún La Sante i bPáras.

B'amhlaidh a ciontaíodh é faoi bheith i mbun comhcheilge le hairgead a fháil ón Libia ar mhaithe lena fheachtas polaitiúil beagnach 20 bliain ó shin.

Maíonn Sarkozy nach bhfuil aon choir déanta aige agus go bhfuil sé neamhchiontach i dtaca leis an gcúis atá curtha ina leith.

Tá dianmhaoirseacht cúirte i gceist leis na coinníolacha faoinar saoradh é.

Níl aon chead aige an Fhrainc a fhágáil.

Thug an fear atá 70 bliain d'aois anois le fios inniu go mba uafásach an áit an príosún agus nach ró-mhaith a chuaigh sé dó.

Is é Nicolas Sarkozy an chéad duine riamh a bhí ina Cheannasaí Stáit ar thír de chuid an Aontas Eorpach a cuireadh i bpríosún.

Is i mí Márta seo chugainn a éistfear an cás achomhairc.