skip to main content

Yates ag séanadh gur bhris sé aon rialacha craolacháin

Ivan Yates ar an gclár raidió ar maidin
Ivan Yates ar an gclár raidió ar maidin

Dúirt an t-iar chraoltóir,Ivan Yates gur rúndacht cliaint an fáth nár thug sé le fios gur chuir sé oiliúint ar na meáin ar an iar-iarrthóir uachtaránachta,Jim Gavin.

Bhí an t-iar Aire Yates ag labhairt ar an gclár raidió de chuid RTÉ, 'Today with David McCullagh.

D'adhmhaigh sé gur chuir sé a mhacasamhail comhairle ar roinnt airí le Fianna Fáil ach níor chuir sé seo in iúl go poiblí ag an am.

Tharraing sé seo conspóid agus díospóireacht i dtaca le coimhlint leasa, go háirithe agus Ivan Yates é féin ag teacht ar chláracha raidió agus teilifíse ag nochtadh tuairimí polaitiúla.

Dúirt Ivan Yates san agallamh inniu áfach go raibh riail dhocht dhaingean aige agus é i mbun a chuid traenála, agus gurbh é sin rúndacht cliaint.

'Shocraigh mé sin a dhéanamh' a dúirt sé 'nuair a d'fhág mé an chraoltóireacht lán-aimseartha i 2020 chun mo ghnó oiliúna féin a bhunú'.

'Níl aon traenálaí eile tagtha chun cinn le haon eolas maidir le cén duine a thraenáil siadsan' a dúirt sé 'agus sin toisc go bhfuil siadsan dílis freisin don rúndacht cliaint.

Dúirt sé freisin go raibh tuairimí láidre aige ar gach aon rud ach nár bhain polasaithe ná clár oibre aon pháirtí polaitiúil lena ról mar thraenálaí do na meáin.

Shéan sé gur bhris sé aon rialacha craoltóireachta trína chuid oiliúna ar an Uasal Gavin fad is a bhí sé ag láithriú clár nuachta le Newstalk agus i mbun podchraolta leis an láithreoir,Matt Cooper.