Tugadh beirt fhear os comhair suí speisialta de Chúirt Dúiche Dhroichead Átha i gCo Lú go deireanach aréir agus iad cúisithe in ionad d'iarratasóirí ar thearmann idirnáisiúnta ar an mbaile sin a chur trí thine Oíche Shamhna.
Sin iad Josh Devlin, 24 bliain d'aois, as Dún Eimhire, Baile an Bhiataigh, i gCo na Mí agus Jonathan Judge, 22 bliain, as Sráid na nGael, Baile Átha Fhirdhia, i gCo Lú.
Coirloscadh atá curtha i leith Josh Devlin agus coirloscadh le rún beatha a chur i mbaol atá curtha i leith Jonathan Judge.
Baineann na cúisimh leis an dóiteán a tharla Dé hAoine seo caite ag an ionad d'iarratasóirí ar thearmann idirnáisiúnta ar Shráid Sheoirse i nDroichead Átha áit a raibh 28 duine ina gcónaí, leanaí óga ina measc.
Dúirt an Sáirsint Laura Blanche ón nGarda Síochána sa chúirt gur dhóichí go ndéanfaí cúisimh níos tromchúisí ar an mbeirt fhear amach anseo.
D'iarr dlíodóirí na beirte iad a scaoileadh saor ar bannaí ach chuir na Gardaí in aghaidh an iarratais sin.
Dhiúltaigh an Breitheamh Nicola Andrews an t-iarratas agus chuir sí an bheirt fhear siar faoi choinneáil go dtí De Lúain seo chugainn.
D'ordaigh an breitheamh freisin measúnú leighis a dhéanamh ar Jonathan Judge, mar a bhí iarrtha ag a aturnae.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ