skip to main content

Cúig bliana curtha le téarma príosúin fir as Luimneach

Maraíodh Joe Drennan nuair a leag gluaisteán é i gcathair Luimnigh i mí Dheireadh Fómhair 2023
Maraíodh Joe Drennan nuair a leag gluaisteán é i gcathair Luimnigh i mí Dheireadh Fómhair 2023

Tá cúig bliana curtha ag an gCúirt Achomharc leis an téarma príosúin sé bliana go leith a gearradh i dtús na bliana seo ar fhear óg as Luimneach a ciontaíodh i dtiomáint chontúirteach arbh é bás fir óig eile a thoradh.

Maraíodh Joe Drennan, mac léinn iriseoireachta 21 bliain d'aois as Co Laoise, nuair a leag gluaisteán é i gcathair Luimnigh i mí Dheireadh Fómhair 2023.

I mí Eanáir seo caite, gearradh sé bliana go leith príosúin ar Kieran Fogarty as tiomáint chontúirteach arbh é bás Joe Drennan a thoradh agus as gan teacht i gcabhair air ar láthair na tubaiste.

Gearradh ocht mbliana príosúin ar Kieran Fogarty an lá céanna as ionsaí lámhaigh a dhéanamh i Luimneach ceithre mhí roimhe sin.

Inniu, rialaigh an Chúirt Achomharc bliain a bhaint den téarma príosúin deireanach sin ach rialaíodh freisin go mbeadh ar Kieran Fogarty an dá théarma príosúin a chur isteach go comhuaineach seachas i ndiaidh a chéile mar a rialaigh an chúirt choiriúil inar ciontaíodh é.

Bhí muintir Drennan iad fein thar a bheith míshásta leis na téarmaí comhuaineacha mar go bhfágfadh sin, dar leo, nach gcaithfeadh Kieran Fogarty oiread agus nóiméad sa phríosún as an bhfeillbheart a rinne sé ar a mac.

Taobh amuigh den chúirt inniu, dúirt muintir Drennan gur bua beag ar son Joe a bhí sa phianbhreith nua.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ