skip to main content

Straitéis úr le tacú le scoileanna a tógadh le brící lochtacha

Scoil Náisiúnta an Droma Fhada in aice le Leitir Ceanainn i gCo Dhún na nGall
Scoil Náisiúnta an Droma Fhada in aice le Leitir Ceanainn i gCo Dhún na nGall

Tá straitéis le bunú ag an Roinn Oideachais le tacú le scoileanna a tógadh le brící lochtacha.

Dhearbhaigh an tAire Oideachais Helen McEntee go raibh sé scoil déag i gCo Dhún na nGall i measc na scoileanna a rinne iarratas ar an maoiniú atá le cur ar fáil mar chuid den straitéis.

Is i nDún na nGall thar aon chontae eile sa tír is measa atá an fhadhb.

I bhfreagra ar cheist pharlaiminte ón Teachta Dála Pearse Doherty ó Shinn Féin, dúirt an tAire McEntee go raibh formhór na scoileanna ag iarraidh an t-airgead a chaitheamh ar fhoirgnimh a athchóiriú.

Thug sí le fios go dtabharfadh oifigigh ón Roinn Oideachais cuairt ar na scoileanna sin i gceann cúpla mí agus dúirt go gcuirfí an straitéis i dtoll a chéile ina dhiaidh sin.

Tá fáilte curtha ag Pearse Doherty roimh an straitéis.

Dúirt a chomhghleacaí i Sinn Féin, an Teachta Dála Pádraig Mac Lochlainn, gur thug an bheirt acu cuairt an lá cheana ar Scoil Náisiúnta an Droma Fhada ar an gCeathrú Chaol in aice le Leitir Ceanainn, foirgneamh a bhfuil drochbhail uirthi.

D'achainigh an bheirt fhear ar an Rialtas tosaíocht a thabhairt do shábháilteacht páistí i scoileanna mar í thar thithe príobháideacha.

Pearse Doherty Pádarig Mc Lochlainn stand outside Drumfad National School.
Thug Pádraig Mac Lochlainn agus Pearse Doherty cuairt ar Scoil Náisiúnta an Droma Fhada Dé Luain seo caite

Beidh cruinniú cinn bhliana an pháirtí Cúiteamh 100% ar siúl anocht i mBeart i gCo Dhún na nGall.

Bunaíodh an páirtí sin dhá bhliain ó shin chun aird a tharraingt ar scannal na mbrící lochtacha agus le tacaíocht a thabhairt do dhaoine atá thíos leis.

Tá ceathrar comhairleoirí contae ag an bpáirtí anois, chomh maith le Teachta Dála amháin, mar atá, Charles Ward as Árainn Mhór ó dhúchas agus a bhfuil cónaí air i nDroim Caoin i gCo Dhún na nGall.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ