Tá fearg ar roinnt Teachtaí Dála ó Fhianna Fáil gur cuireadh a n-ainmneacha le liosta daoine a dúradh a bhí ag dréachtú rún mímhuiníne i gceannaire an pháirtí, an Taoiseach Micheál Martin.
Cuireadh an liosta sa timpeall an tseachtain seo caite ach níl sé soiléir cé go baileach a chuir i dtoll a chéile é.
Cíoradh an scéal i gcruinniú de pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil i dTeach Laighean aréir.
Ní raibh Micheál Martin i láthair an chruinnithe mar go bhfuil sé ag freastal ar chomhdháil aeráide na Náisiún Aontaithe sa Bhrasaíl.
Tuigtear gur cruinniú teasaí a bhí ann, go háirithe agus an liosta conspóideach úd á phlé.
Creideann go leor dá raibh i láthair gur daoine sinsearacha i bhFianna Fáil a dhréachtaigh agus a scaip an liosta.
Dúirt an Teachta Dála Seán Ó Fearghaíl gur baineadh siar as nuair a chonaic sé a ainm féin i measc na gcomhchealgairí.
B'iontaí fós leis, arsa sé, é a bheith áirithe ar dhuine den 'seandream' i bhFianna Fáil, agus gan é ach chomh sean le Micheál Martin féin.
Dúirt Príomh-Aoire an Rialtais Mary Butler go mb'fhéidir gur daoine sna meáin a chum an liosta ach níor glacadh leis an tuairim sin.
Pléadh sa chruinniú freisin an phraiseach a rinneadh d'fheachtas Fhianna Fáil sa toghchán Uachtaránachta.
Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an bpáirtí ar an scéal ach níl a chuid féin ráite fós ag Micheál Martin leis na daoine atá ina bhun.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ