Tá beirt fhear sna fichidí gafa ag Gardaí a bhfuil fiosrúchán ar bun acu faoi dhóiteán a tharla ag ionad d'iarratasóirí ar thearmann idirnáisiúnta i nDroichead Átha i gCo Lú Oíche Shamhna.
Tuigtear gur lasadh an staighre san ionad le luathaitheoir de shaghas éigin, peitreal nó a leithéid.
Bhí 28 duine ina gcónaí san ionad agus bhí ceathrar páistí, naíonán san áireamh, i measc cúigear a tarrtháladh ón urlár uachtarach.
Tugadh cuid de na cónaitheoirí chun an ospidéil ach, ar ámharaí an tsaoil, níor gortaíodh go dona aon duine acu.
Tá áit chónaithe nua le cur ar fáil ag na húdaráis dóibh.
Dúirt an tAire Stáit Colm Brophy go ndéanfaí athbhreithniú go práinneach ar chúrsaí slándála ag ionaid do dhídeanaithe idirnáisiúnta ar fud na tíre i bhfianaise ar tharla i nDroichead Átha.
Mar leis an mbeirt fhear a gabhadh, deir na Gardaí gur aréir a gabhadh duine acu agus gur ar maidin inniu a gabhadh an duine eile.
Tá an bheirt faoi choinneáil i stáisiún Gardaí i gCo Lú.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ