skip to main content

Múineadh, foghlaim na Gaeilge i scoileanna le forbairt tuilleadh

Múineadh agus foghlaim na Gaeilge i scoileanna na tíre le forbairt tuilleadh
Múineadh agus foghlaim na Gaeilge i scoileanna na tíre le forbairt tuilleadh

Seoladh go hoifigiúil inniu dhá mhórthogra nua maidir le múineadh agus foghlaim na Gaeilge i scoileanna na tíre, mar atá, an Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus an Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla.

Is le teagasc, foghlaim agus úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i scoileanna Gaeilge agus i scoileanna Béarla araon a ceapadh an dá thogra.

Is í an t Aire Oideachais agus Óige Helen McEntee a sheol na tograí ag ócáid ar champas comhroinnte Ghaelscoil Bhrian Bóroimhe agus Scoil Náisiúnta Shord Educate Together i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath.

Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht

Maidir leis an oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, áirítear i measc na ngnéithe is suntasaí de "uaireanta tacaíochta teanga don Ghaeilge, forbairt acmhainní, agus treoir agus deiseanna foghlama gairmiúla múinteoirí".

Bunófar chomh maith Tascfhórsa ar Mhúnlaí Soláthair don Oideachas Lán-Ghaeilge "a thabharfaidh páirtithe leasmhara agus oifigigh na Roinne [Oideachais] le chéile ... chun ... deiseanna a leathnú do pháistí agus do dhaoine óga a gcuid oideachais a fháil trí Ghaeilge".

Dúirt an tAire McEntee go "[n-]oibreoimid freisin chun a chinntiú go mbeidh níos mó deiseanna ag páistí agus daoine óga taithí a fháil ar an nGaeilge mar theanga bheo taobh amuigh den seomra ranga".

Thug an Roinn Oideachais le fios go bhfuil tús curtha cheana féin le gnéithe áirithe den phlean, lena n-áirítear na huaireanta tacaíochta teanga agus an fhorbairt atá Gaeloideachas a dhéanamh ar acmhainn nuálach tacaíochta do thuismitheoirí.

An Ghaeilge i Scoileanna Béarla

Maidir le Gaeilge i scoileanna Béarla, idir bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna, deirtear go gcuirfear i bhfeidhm an plean gnímh idir 2025 agus 2027 le súil "feabhas [a chur] ar theagasc, ar fhoghlaim agus ar úsáid na Gaeilge ag breis agus 900,000 dalta agus scoláire".

Cuirfear tacaíochtaí ar fáil faoin bplean gnímh, lena n-áirítear "deiseanna foghlama gairmiúla do mhúinteoirí ... agus breis deiseanna do leanaí agus do dhaoine óga an Ghaeilge a úsáid".

Ar cheann de na tacaíochtaí sin, cuirfear tuilleadh sainachmainní ar fáil don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus d'Oide chun gur féidir leo foireann bhreise a cheapadh le tacú le scoileanna.

Dúirt an tAire McEntee gurb é an sprioc atá leis an bplean an Ghaeilge a chur chun cinn "mar theanga bheo, ní mar ábhar scoile amháin".

Go deimhin, dar leis an Roinn Oideachais go "[d]tacóidh [an plean] le forbairt scileanna labhartha na ndaltaí / scoláirí sa Ghaeilge, go háirithe.

Tugadh le fios go bhfuil an plean bunaithe ar chomhairliúchán náisiúnta, ar thaighde agus ar pholasaithe i dtíortha eile ina bhfuil teangacha mionlaigh.

Mar leis an gcomhairliúchán náisiúnta, dúradh go raibh 700 rannpháirtí i gceist, daoine agus dreamanna éagsúla a bhfuil guthaíocht acu ar an gceist, lenar áiríodh "leanaí, daoine óga, múinteoirí, ceannairí scoile agus tuismitheoirí".

I ráiteas, chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh na hacmhainní breise a chuirfí ar fáil mar gheall ar an dá thogra nua ach dúirt an eagraíocht nach dóigh "go bhfuil an Plean Gnímh chun an cruachás ina bhfuil an Ghaeilge sa chóras oideachais faoi láthair a réiteach".

Dar leis an gConradh go bhfuil "an curaclam Gaeilge sa chóras oideachais reatha dolúbtha, míthaitneamhach agus ... ag teip ar bhreis agus 60,000 dalta dara leibhéal a bhfuil díolúine ó fhoghlaim na Gaeilge acu".

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha, gur cheart don Aire Oideachais "coiste saineolach a bhunú chun polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais, bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach, a fhorbairt gan a thuilleadh moille".