Tá leithscéal gafa ag Ospidéal Portiuncula i mBéal Átha na Sluaighe i gCo na Gaillimhe le teaghlach mná as Co na hIarmhí a bhásaigh de bharr ailse i muineál na broinne i mí an Mhárta 2009.
D'admhaigh an t-ospidéal san Ard-Chúirt gur cheart é a bheith faighte amach roimhe sin go raibh ailse ar Maria Fitzpatrick, a bhí 38 bliain d'aois nuair a cailleadh í in Ospidéal Naomh Lúcás i mBaile Átha Cliath.
Tugadh le fios sa chúirt gur tugadh an toradh mícheart ar dhá thástáil smearadh ceirbheacs a rinneadh ar Maria Fitzpatrick, ceann in 2004 agus ceann eile in 2005.
Ba as Baile na gCailleach i gCo na hIarmhí Maria Fitzpatrick agus bhí ceathrar mac aici.
Socraíodh an cás a thug a teaghlach in aghaidh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte mar gheall ar a bás ach níor tugadh sonraí an chúitimh.
Bhí a fear céile Kevin Fitzpatrick agus triúr mac léi sa chúirt inniu leis an leithscéal a chloisteáil.
Dúirt siad gur bhocht an scéal é go mb'éigean dóibh troid chomh fada seo le cothrom na Féinne a fháil.
Dúirt siad freisin go raibh siad ag iarraidh an ceathrú mac, Darren, a thabhairt chun cuimhne, ar ghoill bás a mháthar chomh mór air gur chuir sé lámh ina bhás féin in 2018.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ