skip to main content

Ordú tugtha éanlaith chlóis a choinneáil taobh istigh

Caithfear éanlaith chlóis agus éin atá i ngéibheann a choinneáil istigh ón Luan seo chugainn
Caithfear éanlaith chlóis agus éin atá i ngéibheann a choinneáil istigh ón Luan seo chugainn

Tá ordú tugtha ag an Roinn Talmhaíochta éanlaith chlóis agus éin atá i ngéibheann a choinneáil i gcróite faoi dhíon ón Luan seo chugainn agus imní ar lucht tréidliachta faoin bhfliú éanúil.

Tá srianta i bhfeidhm cheana féin i gCo Cheatharlach, áit a bhfuil ráig den fhliú éanúil ar fheirm turcaithe.

Tá ceantar cosanta agus ceantar faireachais bunaithe timpeall na feirme sin le súil an ráig a choinneáil faoi smacht.

Tri chiliméadar ar a fhad i ngach treo atá an ceantar cosanta, deich gciliméadar ar a fhad atá an ceantar faireachais.

Tuigtear gur thart ar 500 turcaí atá ar an bhfeirm agus gurb é an tréithchineál H5N1 den fhliú éanúil atá orthu.

Chomh maith le héanlaith chlóis agus éin i ngéibheann, áiríodh an galar a bheith tolgtha ag thart ar dhá scór éan fiáin ar fud an Stáit go dtí seo i mbliana.

Sa Tuaisceart, tiocfaidh feidhm ó amárach le hordú atá tugtha ag na húdaráis ansin éanlaith chlóis agus éin atá i ngéibheann a choinneáil istigh.

Dá dhonacht é i measc éan, níor tuairiscíodh riamh go dtí seo ach an fíor-chorrchás den fhliú éanúil a bheith tolgtha ag daonnaithe.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ