skip to main content

'Marú neamhdhleathach' ba bhun le bás Emer O'Loughlin

Emer O'Loughlin a bhfuarthas a corp i gcarbhán dóite i gCo an Chláir in 2005
Emer O'Loughlin a bhfuarthas a corp i gcarbhán dóite i gCo an Chláir in 2005

Rialaigh giúiré ag coiste cróinéara i gCill Rois i gCo an Chláir gur marú neamhdhleathach ba bhun le bás Emer O'Loughlin, bean 23 bliain d'aois a bhfuarthas a corp i gcarbhán dóite sa chontae sin 20 bliain ó shin.

I bpáirc i mBaile Boirne i dtuaisceart an Chláir a bhí an carbhán suite nuair a chuaigh sé le thine ar an 8 Aibreán 2005.

De bhrí gur dódh chomh dona sin corp Emer O'Loughlin níor deimhníodh riamh cad go baileach ba thrúig bháis di.

Ní dúradh riamh ach gur "bás amhrasach" a bhí ann.

Ba é an Leas-Phaiteolaí Stáit ag an am, an Dr Michael Curtis, a rinne an scrúdú iarbháis ar chorp Emer O'Loughlin in 2005.

Thug an Dr Curtis fianaise ag an gcoiste cróinéara i gCill Rois agus dúirt gur léirigh an scrúdú iarbháis sin gur dhóichí go raibh an bhean óg marbh sular thosaigh an tine sa charbhán ach, dar leis, nach bhféadfaí a bheith cinnte de sin.

Dúirt an Dr Curtis freisin nach bhféadfaí a chur as an áireamh gur tachtadh Emer O'Loughlin nó gur gearradh a scornach agus gur ceann acu sin ba thrúig bháis di.

Ba as Inis Díomáin i gCo an Chláir Emer O'Loughlin agus bhí a teaghlach i láthair ag an gcoiste cróinéara inniu.

Dúirt a deirfiúr, Pam O'Loughin, go raibh an teaghlach an-sásta le fíorasc an ghiúiré de bhrí, arsa sí, gurb é seo an chéad uair ag an Stát glacadh leis gur mharaigh duine éigin Emer.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ