skip to main content

Comhaontú sa Bhruiséil faoi astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú

Comhdháil aeráide na Náisiún Aontaithe le tionól i gcathair Belém sa Bhrasaíl an tseachtain seo chugainn
Comhdháil aeráide na Náisiún Aontaithe le tionól i gcathair Belém sa Bhrasaíl an tseachtain seo chugainn

Tháinig ballstáit an Aontais Eorpaigh ar chomhaontú áirithe faoi astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú as seo go 2035 agus as seo go 2040 leath ar leath.

Is i gcomhráite a bhí ar siúl sa Bhruiséil agus a lean go dtí bundún dearg na hoíche a thángthas ar an socrú nach socrú d'aon ghuth é.

Mar le 2035, gealladh astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú idir 66.25% agus 72.5% faoin mbliain sin.

Is laghdú de 90% a gealladh a chur i bhfeidhm faoi 2040, is é sin le rá laghdú de 90% ó na leibhéil astaíochtaí a bhí ann i 1990.

Níor thacaigh Poblacht na Seice, an tSlóvaic, an Pholainn ná an Ungáir leis an ngealltanas sin, áfach, agus tuairiscítear gur staon an Bheilg agus an Bhulgáir ón vóta.

Le gealltanas uaillmhianach 2040 a chomhlíonadh, shocraigh na ballstáit iarraidh ar thíortha eile cuidiú leo agus freagracht a ghlacadh as 5% den laghdú de 90% atá beartaithe.

Chuige sin, maoineoidh an tAontas Eorpach tograí aeráide sna tíortha sin a deirtear a mbainfidh an dá thaobh tairbhe astu.

Shocraigh na ballstáit freisin cead a thabhairt don Choimisiún Eorpach athbhreithniú a dhéanamh ó thráth go chéile idir seo agus 2040 ar ar gealladh sna comhráite sa Bhruiséil.

Tá an dá chlásal 'éalaithe' úd cáinte ag eagraíochtaí comhshaoil, ámh, a deir nach bhfuil ann ach an púca a chur ó do theach féin.

Tá a bhfuil geallta ag an Aontas Eorpach i leith 2035 le cur os comhair chomhdháil aeráide na Náisiún Aontaithe a bheas ar siúl i gcathair Belém sa Bhrasaíl an tseachtain seo chugainn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ