Is é iarrthóir an Pháirtí Dhaonlathaigh sna Stáit Aontaithe, Zohran Mamdani, a bhuaigh toghchán méarachta Chathair Nua-Eabhrac.
Beagán le cois 50% den vóta a fuair Mamdani, atá 34 bliain d'aois, i gcomparáid leis an 42% a fuair an té ba ghaire dó, an t-iarrthóir neamhspleách Andrew Cuomo, atá beagnach faoi dhó chomh sean leis.
Polaiteoir críonna mór le rá is ea Andrew Cuomo ar bhall é den Pháirtí Daonlathach go dtí gur roghnaigh an páirtí sin an núíosach Zohran Mamdani thairis féin mar iarrthóir sa toghchán méarachta.
Ó thaobh creidimh de, is Moslamach Síach é Zohran Mamdani agus ó thaobh polaitíochta de, is sóisialaí é.
Mar leis an bpolaitíocht, ba mhinic é féin agus Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump ag tomhas dorn le chéile le linn an fheachtais toghcháin.
Bhagair Trump go deimhin go gcoinneodh sé siar an oiread agus a d'fhéadfadh sé den mhaoiniú feidearálach a bhfuil Cathair Nua-Eabhrac ina theideal dá dtoghfaí Mamdani ina mhéara.
"Cumannaí" a thug Trump ar Mamdani agus dúirt gur diomailt airgid a bheadh ann an maoniú feidearálach a chur ar fáil.
"Féach leis agus déan do dhícheall!" a dúirt Mamdani le Trump agus é ag tabhairt a dhúshláin ó ardán an churaidh aréir.
Thar aon dream eile, is iad muintir na cathrach as ar fáscadh Trump atá in ann é a chloí, arsa an méara nuathofa.
Solas sa dorchadas [a scaipeann Trump] a bheas i Nua-Eabhrac feasta, a dúirt sé.
"Gabhaim leat!" arsa Trump ar a mheán sóisialta féin le Mamdani,"tugaimis faoi!"
Tá teorainn áirithe leis an mbáire atá Mamdani in ann a chur ar Trump, áfach, de bhrí gur in Uganda a rugadh é. De réir bhunreacht na Stát Aontaithe, níl cead ag duine nár rugadh sna Stáit Aontaithe a bheith ina Uachtarán ar an tír sin.
Bhí toghcháin eile ar siúl sna Stáit Aontaithe inné agus is iad iarrthóirí an Pháirtí Dhaonlathaigh a bhí buach freisin sna toghcháin ghobharnóireachta in Virginia agus in New Jersey.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ