skip to main content

Scolaíocht 'níos ilghnéithí' le soláthar de réir torthaí suirbhé

Ceistneoir faoi bhunscolaíocht le seoladh ar líne chuig 493,000 líon tí as seo go dtí an 16 Nollaig
Ceistneoir faoi bhunscolaíocht le seoladh ar líne chuig 493,000 líon tí as seo go dtí an 16 Nollaig

Táthar ag iarraidh ar thuismitheoirí na tíre páirt a ghlacadh i mórshuirbhé nua náisiúnta faoin gcineál bunscoile a mb'fhearr leo a gclann a chur chuici.

Éiteas nó pátrúnacht na scoile atá i gceist, bíodh sin aonchreidmheach, ilchreidmheach, neamhchreidmheach, Gaelach, gallda, measctha ó thaobh gnéis de agus mar sin siar.

Is é an Roinn Oideachais atá ag eagrú an tsuirbhé a bhfuiltear ag iarraidh ar thuismitheoirí 826,000 leanbh, nó a gcaomhnóirí, páirt a ghlacadh ann.

Tá ceistneoir ar líne le seoladh chuig 493,000 líon tí as seo go dtí an 16 Nollaig arbh é an aidhm atá leis, dar leis an Roinn, léargas barántúil a fháil ar an gcineál scolaíochta a mb'fhearr le tuismitheoirí go bhfaigheadh a gclann.

Dúirt an Roinn go mbainfí leas as torthaí an tsuirbhé le scolaíocht "níos ilghnéithí" a sholáthar san am le teacht, scolaíocht "ar léiriú [cothrom] a bheadh ann ar shuáilcí agus riachtanais Éire na linne seo".

Iarrfar ar mhúinteoirí agus ar bhoird bainistíochta scoileanna ceistneoir eile a fhreagairt ar an ábhar céanna.

Ní suirbhé gan chonspóid é, áfach.

Is é an Foras Pátrúnachta an pátrún is mó in Éirinn ar scoileanna lán-Ghaeilge agus tá imní ar an eagraíocht faoina bhfuil sa suirbhé maidir le hoideachas lán-Ghaeilge.

Dar leis an bhForas Pátrúnachta go bhfuil ceist chasta an oideachais lán-Ghaeilge curtha i láthair sa suirbhé go róshimplí agus go bhféadfadh a lán tuismitheoirí freagra diúltach a thabhairt ina leith de cheal na bhfíricí ar fad.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ