Tá sé tugtha le fios ag an Aire Tithíochta James Browne go bhfoilseofar plean nua tithíochta an Rialtais as seo go ceann coicíse.
Tá oifigigh na Roinne Tithiochta ag cur bailchríoch ar an bplean nua, arsa an tAire, ar athrú suntasach agus céim chun cinn é ar an bplean atá ann cheana, dar leis.
Thug James Browne le fios go raibh sé i gceist ag an Rialtas an plean tithíochta a fhoilsiú cúpla mí ó shin ach dúirt gur socraíodh ar a chur siar go dtí go leagfaí amach an Plean Forbartha Náisiúnta agus Buiséad 2026 le go gcuirfí san áireamh aon bheartais ábhartha a bheadh iontu.
Mhaígh sé gur "plean radacach" a bheadh ann agus dúirt go gcaithfeadh a mbeadh ann teacht leis an méadú suntasach atá tagtha ar dhaonra an Stáit le gairid.
Ní fios, áfach, an mbeidh aon ní ar leith sa phlean faoi thithíocht sa Ghaeltacht, mar atá á éileamh ag grúpaí gnímh.
Fógraíodh inniu chomh maith gur Uisce Éireann a bheas freagrach feasta as gléasraí cóireála fuíolluisce a thógann an earnáil phríobháideach.
Dúirt an tAire Browne go raibh an cúram sin á bhronnadh ar Uisce Éireann lena chinntiú go mbeadh gach gléasra cóireála fuíolluisce sa Stát ar chomhchaighdeán.
Cuirfidh sin dlús le soláthar tithe faoin tuath go háirithe, arsa sé.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ