skip to main content

Ómós á léiriú do 'Nudie' Hughes

Eugene 'Nudie' Hughes atá ar shlí na fírinne
Eugene 'Nudie' Hughes atá ar shlí na fírinne

Tá ómós á léiriú don iar-pheileadóir idirchontae as Contae Mhuineachán,Eugene 'Nudie' Hughes atá tar éis bháis.

Bhí sé 67 bliain d'aois.

Tá go leor a mheasann go raibh 'Nudie' ar an imreoir peile ab fhearr riamh a bhí ag Contae Mhuineachán.

Bhuaigh sé 3 ghradam All-Star le linn a thréimhse imeartha agus bhí sé ar an gcéad imreoir as Muineachán chun gradam All-Star a bhuachan sa bhliain 1979.

Bhuaigh sé an péire eile sna hochtóidí.

Nudie Hughes
'Nudie' i ngeansaí a chontae dúchais

Bhí an cháil air mar thosaí agus mar chosantóir.

I 2024 bhronn Cumann Imreoirí Gael gradam saoil ar Eugene Hughes.

Bhí sé ag fulaingt le hailse ó 2018.