Deir an tAire Dlí is Cirt,Jim O'Callaghan nach bhfuil aon damáiste déanta ag an gconspóid faoin gcraoltóir Ivan Yates leis an gcaidreamh oibre idir na páirtithe rialtais, Fianna Fáil agus Fine Gael.
Dhearbhaigh Fianna Fáil inniu gur chuir Ivan Yates suas le 4 uair a chloig traenála ar fáil d'iarrthóir uachtaránachta an pháirtí,Jim Gavin.
Scileanna i dtaca le díospóireachtaí agus agallaimh a bhí i gceist a dúradh.
Dúradh go raibh 2 sheisiún traenála i gceist agus go ndearnadh an teagasc idir 23 agus 29 Meán Fómhair.
Dúradh freisin nár thug Ivan Yates aon chomhairle don pháirtí maidir lena fheachtas agus nach raibh aon bhaint aige lena fhoireann feachtais.
Tá sé ráite ag Jim O'Callaghan nach ndearna Fianna Fáil aon ní míchuí ach gur chóir d'Ivan Yates a thabhairt le fios go poiblí go raibh an obair chomhairleoireachta seo ar siúl aige.
Is ag craoladh le stáisiún raidió 'Newstalk' atá Ivan Yates faoi láthair.
Chraol sé roinnt cláracha leo le linn fheachtas na hUachtaránachta ach níor chuir ar an eolas iad faoin obair le Jim Gavin.
Tá bainistíocht an stáisiúin sin i mbun machnaimh ar an gconspóid faoi láthair.