Tá ómós mór á léiriú don tSiúr Stanislaus Kennedy a bhásaigh ar maidin.
Dúirt an tUachtarán Michael D Higgins gur ghníomhaigh sí i gcónaí gan fuacht gan faitíos do chearta daonna agus don chomhionannas.
'Fíor-Chríostaí an cur síos atá déanta ag an Taoiseach Micheál Martin uirthi.
'Thug sí a saol' a dúirt sé 'ag iarraidh teacht i gcabhair orthu siúd ar an imeall'.
'Bean le an-fhuinneamh' a dúirt an Taoiseach 'agus níor stop sí riamh ag labhairt amach ar a son siúd a bhí ar an ngannchuid'.
'Pearsa láidir do-chloíte sa saol poiblí' an cur síos a rinne an Tánaiste Simon Harris ar 'Sister Stan' mar a thugtaí uirthi go minic i mBaile Átha Cliath.
'Ní féidir an tionchar ollmhór a bhí aici ar shochaí na hÉireann a thomas' a dúirt Simon Harris.
'Ba é a creideamh agus a comhbhá do dhaoine i gcoitinne a stiúraigh a cuid oibre i gcónaí a dúirt an Tánaiste.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Focus Ireland,Pat Dennigan gur bhean í an tSiúr Stanislaus a chuir daoine eile chun tosaigh i gcónaí i ngach a ndearna sí.
Dúirt an t-iar Uachtarán,Máire Mhic Ghiolla Íosa go gcinnteodh an leagan amach a rinne sí ar a cuid oibre go mbeadh a cuid cláracha slán agus faoi bhláth i gcónaí.
'Bean le dóchas agus le creidimh a bhí inti i gcónaí' a dúirt sí.
Dúirt an tArd Easpag,Diarmuid Martin gur 'fathach' a bhí sa tSiúr Stanislaus maidir lenar bhain sí amach.
'Níor lig sí riamh do staitisticí an ceann is fearr a fháil uirthi mar gurbh iad na bochtáin ba ghaire i gcónaí dá croí' a dúirt an tArd Easpag Martin.