Deirtear go bhfuil an Rialtas ag smaoineamh ar chóras faoina bhféadfaí cíos a ghearradh ar fhostaithe atá ag cur fúthu in ionaid IPAS ar fud na tíre.
Tá sé i gceist ag Airí Rialtais an scéal a phlé ag cruinniú tráthnóna.
D'fhéadfadh idir €15 agus €238 sa tseachtain a bheith le n-íoc ag áitritheoirí feasta, ag braith ar an méid airgid a thuilleann siad.
Luadh a léithid de phlean sa Chlár Rialtais a aontaíodh nuair a tháinig an Rialtas is deireanaí i gcumhacht in Eanáir i mbliana.
Is faoi stiúir an Aire Dlí is Cirt,Jim O'Callaghan agus an tAire Stáit ar chúrsaí Inimirce,Colm Brophy atá an plean nua seo.
Tuigtear go bhféadfadh sé a bheith 9 mí ar a thúisce sula mbeadh an córas go hiomlán i bhfeidhm.
Chomh maith leis sin tá an coiste rialtais ar inimirce le hathbhreithniú a dhéanamh ar dhualgas an stáit i dtaca le lóistín a chur ar fáil do Úcránaigh a thagann isteach.
Tá 90 lá de lóistín ar fáil do na hÚcránaigh faoi láthair, ach teastaíonn ón Rialtas an dualgas sin a laghdú go 30 lá.