skip to main content

11 cúis ar fad i gcoinne fir a gabhadh ar thraein i Sasana

Póilíní agus seirbhísí éigeandála ag an stáisiún traenach i Huntingdon tráthnóna Dé Sathairn
Póilíní agus seirbhísí éigeandála ag an stáisiún traenach i Huntingdon tráthnóna Dé Sathairn

I Sasana tá 10 gcúis maidir le hiarracht dúnmharaithe tugtha i gcoinne fir amháin bainteach leis an eachtra a tharla ar thraein sa tír sin tráthnóna arú inné.

Cuirtear i leith Anthony Williams (32) go ndearna sé iarracht suas le deichniúr duine a shá chun báis le linn don traein a bheith ag taisteal go Londain Dé Sathairn.

Tá cúis eile ina choinne maidir le hiarracht dúnmharaithe ar thraein eile i Londain ar an lá céanna.

Tuairiscítear gur Breataineach as ceantar Peterborough Anthony Williams.

Bhí an fear ar dhuine de bheirt a gabhadh ag Stáisiún Traenach Huntingon tráthnóna Dé Sathairn i ndiaidh do phóilíní scéala a fháil faoina raibh ag tarlú ar an traein.

Scaoileadh an fear eile, 35 bliain d'aois saor ina dhiaidh sin gan aon chúis tugtha ina leith.

Bhí an traein ag taisteal ó Doncaster go Londain ag an am.

Breis is uair a chloig i ndhiaidh di fágáil a fuair póilíní an chéad ghlaoch go bhfacthas fear ar bord le scian ina sheilbh.

Tuairiscíodh go raibh scéin ar phaisinéirí agus imní léirithe go raibh beatha i mbaol.

Stop an traein i stáisiún Huntingdon de thoradh na héigeandála.

Isteach le póilíni agus seirbhísí éigeandála ar an traein, go gairid ina dhiaidh bhí an bheirt fhear gafa.