Tá an tSiúr Stanislaus Kennedy, an bhean a chaith na blianta ag gníomhú ar son na mbochtán agus iad siúd ar an imeall,tar éis bháis.
Bhí sí 86 bliain d'aois.
Bhí sí tinn le tamall agus bhásaigh sí ar maidin inniu in Ospís Naomh Proinsias,Baile Bhláinséir,Baile Átha Cliath.
Ba í an tSiúr Stanislaus nó 'Sister Stan' mar ab fhearr aithne uirthi i mBaile Átha Cliath a bhunaigh an eagraíocht Focus Point i 1985.
Tá a ainm athraithe ó shin go Focus Ireland, eagraíocht a tháinig ar an saol i dtús ama le aird an phobail a tharraingt ar riachtanas na mban a bhí gan dídean i mBaile Átha Cliath sna hochtóidí,
Scaip tionchar na heagraíochta ina dhiaidh sin agus rinneadh cúram don tír uilig.
I ráiteas ó Shiúracha na Carthanachta dúirt siad gur ghníomhaigh an tSiúr Stanislaus gan staonadh dóibh siúd gan dídean, do inimircigh, agus do phobail imeallacha ar an ngannchuid anseo in Éirinn agus thar lear.
B'as Lios Póil i gContae Chiarraí an tSiúr Stan ó dhúchas agus chuaigh sí sna mná rialta le Siúracha na Carthanachta nuair a bhí sí 18 bliain d'aois.