skip to main content

Éileamh 'Prince Andrew' a bhaint ó shráidainmneacha an Tuaiscirt.

Andrew Mountbatten Windsor a thabharfar feasta ar an bPríonsa Andrew
Andrew Mountbatten Windsor a thabharfar feasta ar an bPríonsa Andrew

Tá iarrtha ag dlíodóir ar son daoine a d'fhulaing mí-úsáid gnéis ó Jeffery Epstein ag éileamh go mbainfeadh údaráis áitiúla sa Tuaisceart aon tagairt don Phrionsa Andrew.

Tá an t-éileamh seo ó Gloria Alred i Nua Eabhrac ag teacht sna sála ar an méid a tharla tar éis ríomhphoist teacht chun solais a léirigh go raibh teagmháil ag Andrew le hEpstein tar éis an ama a dúírt sé roimhe seo a bhí an chumarsáid sin thart. Bhí Gloria Alred ag labhairt ar BBC Radio Ulster.

Tá dornán beag áiteanna aimnithe i ndiaidh an Phrionsa Andrew, agus tá rún le cur faoi bhráid Chomhairle Aontroma Thoir agus Láir ag páirti an Alliance go n-athrófaí aimn ceann díobh sin, Prince Andrew Way, i gCarraig Fhearguis, mar chomhartha ómóis do na daoine a d'fhulaing mí-úsáid gnéis.

Chomh maith le scéal na ríomhphost, foilsíodh an leabhar a scríobh Virginia Roberts Giuffre faoin mhí-úsáid a bhain Jeffery Epstein agus daoine eile aisti. Fuair Virginia Giuffre bás mí Aibreán na bliana seo, agus deir a muintir gur féinmharú a bhí ann.

Díreach roimh fhoilsiú an leabhair níos luaithe an mhí seo, thréig an Prionsa Andrew an chuid is mó de na teidil a bhí aige. Bhí ceann amháin díobh sin ,Barún Chill Ó Laoich, bunaithe ar cheantar i gCo. an Dúin, agus chruthaigh an Bhainríon Éilis II dó é ar ócáid a phósta i 1986. Ach shéan sé arís sa ráiteas a d'eisigh sé, go raibh aon bhaint aige riamh le Virginia Giuffre.

Ach inné, d'fhógair a dheartháir an Rí Séarlas go raibh sé ag dul céim níos faide agus go raibh próiséas curtha sa siúl aige lena a chuid teideal uile á mbaint aige agus ar Andrew Mountbatten Windsor a bheidh feasta air. Beidh air a theach ar thailte Chaisleán Windsor a thabhairt suas freisin agus cónaí a dhéanamh i dteach príobháideach ar eastát eile de chuid an teaghlaigh ríoga.

Níor tharla sé ach uair amháin cheana gur baineadh a theideal ríoga de phrionsa, é sin aimsir an chéad chogaidh dhomhanda.

Tá scáth Andrew os cionn an Rí agus a líon tí agus gan amhras beidh súil ag an Teaghlach Ríoga go ndéanfaidh an beart seo an nasc le Andrew in aigne an phobail. Bhíothas den tuairim go raibh an teaghlach ar gcúl i gcónaí sa scéal seo.

Tugadh suntas don líne i ráiteas an Rí go raibh íóbartaigh go mór chun tosaigh ina smaointe.