Dúirt an tUachtarán-tofa Catherine Connolly go mbeidh sí ina siombail do ghluaiseacht nua don "phoblacht nua atá ag teastáil a chuireann gach duine san áireamh".
I rith an fheachtais toghcháin dúirt sí gurb iad na rudaí ba mhó a bhí ó dhaoine ná dóchas, cluas éisteachta agus aitheantas don obair atá siad a dhéanamh 'ar an talamh'.
Dúirt sí ina hagallamh ar Adhamhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin, ó Oireachtas na Gaeilge i mBéal Feirste, gur "bua é seo dúinn, ní domsa amháin", agus go ndúirt daoine leí go soiléir go raibh bunluachanna ón bpobal maidir le cineáltacht, dóchas, athrú aeráide agus glór ar son na síochána.
Tír álainn í Éire agus pobal na hÉireann é an pobal is fearr ar domhain, a dúirt sí.
Thagair sí don difríocht a chuala sí idir an teachtaireacht a bhí an pobal a thabairt di agus an bealach a raibh an insint ar an bhfeachtas sna meáin.
Dúirt sí gur mheas na daoine a bhí ag obair timpeall uirthi go raibh cuid de na scéalta a craoladh agus a foilsíodh fúithí 'nimhneach' agus nac raibh aon fhiansaise ná bunús leo.
Ní ag fáil locht ar na meáin a bhí sí, a dúirt sí, mar go bhfuil ról le déanamh acu siúd maidir le ceisteanna chrua a chur. Thagair sí don am atá caite aici ar chomhchoistí Oireachtais agus an dualgas a bhí uirthi féin daoine a cheistiú.
Ach d'aithin sí, a dúirt sí, go mbeidh an-difríocht idir a saol mar pholaiteoir neamhspleách ag iarraidh cuntas ar rialtaisí agus a saol mar Uachtarán ar Éirinn.
Deir sí go mbeidh sí solúbtha ina cur chuige don ról nua ach go mbeidh sí fós ag súil lena glór a chur i dtreo an leasa choitianta, rud atá á hiarraidh uirthi ag an mBunreacht.
Maidir leis an seachtar is féidir leí a cheapadh chuig Comhairle an Stáit, tá sí ag déanamh a macnaimh air seo. Tá sé róluath aon ní a rá faoi seo anois, a dúirt sí, ach beidh sí ag lorg éagsúltachta agus ag 'breathnú ar an nGaeilge freisin.
Chuir sé iontas uirthi an méid Gaeilge atá ag daoine agus an oiread daoine a rinne iarracht labhairt lei i nGaeilge nó teachtaireachtaí a chur chuici.
Teachtaireach láidir don 'chóras' é seo, dar leí, agus an gá atá lena thuilleadh deiseanna cainte a chur ar fáil.
Déanfaidh sí a dícheall, a dúirt sí, an Ghaeilge a thabhairt isteach ón imeall agus é a úsáid go nádúrtha in Áras an Uachtaráin.
Agus cé go bhfuil cosaint sheasta an Gharda Síochána in éineacht leí anois, tá súil aic bheith in ann leanúint uirthi ag rothaíocht.
69% den vóta a fuair Catherine Connolly sa toghchán uachtaránachta and deireadh seachtaine seo caite agus beagán le cois 29% a fuair a céile comhraic Heather Humphreys ó Fhine Gael.