skip to main content

Beirt fhear ciontaithe i ndúnmharú Josip Štrok i gCluain Dolcáin

Anthony Delappe agus Mark Lee (Pic: Paddy Cummins)
Anthony Delappe agus Mark Lee (Pic: Paddy Cummins)

Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, fuarthas ciontach beirt fhear i bhfear de bhunadh na Cróite a dhúnmharú in iarthar Bhaile Átha Cliath anuraidh.

Ionsaíodh Josip Štrok, a bhí 31 bliain d'aois, i gCluain Dolcáin ar an 30 Márta 2024 agus bhásaigh sé san ospidéal ceithre lá ina dhiaidh sin.

Is iad an bheirt a ciontaíodh ina dhúnmharú Mark Lee, 44 bliain, nach bhfuil seoladh baile seasta aige, agus Anthony Delappe, naoi mbliana déag, as Ascaill Mhaolrosa i gCluain Dolcáin.

Chaith na giúróirí sé huaire an chloig ag déanamh a machnaimh ar an gcás agus is aon duine dhéag den dáréag a chiontaigh an bheirt fhear.

Fuair siad neamhchiontach sa dúnmharú fear eile – Connor Rafferty, 21 bliain, as Clós Chaisleán na Gráinsí i gCluain Dolcáin.

Josip Strok died in hospital following an assault in Clondalkin on 30 March 2024
Josip Štrok

Tugadh fogha faoi Josip Štrok agus faoi chara leis, David Družinec, taobh amuigh de theach i mBealach Radharc na Gráinsí i gCluain Dolcáin go gairid tar éis 10 a chlog san oíche ar an 30 Márta 2024.

Gortaíodh Josip Štrok go dona sa cheann mar gheall ar an ionsaí agus níor tháinig sé tríd.

Tá David Družinec tagtha chuige féin ó shin.

Cé gur phléadáil an triúr cúisithe neamhchiontach i ndúnmharú Josip Štrok, phléadáil siad ar fad ciontach in ionsaí a dhéanamh ar David Družinec agus i mórdhíobháil choirp a dhéanamh dó.

Dúírt an t-ionchúiseamh i dtús na trialach gur ionsaigh an triúr Josip Štrok agus David Družinec mar gur chreid siad go raibh an bheirt sin iad féin tar éis ionsaí a dhéanamh ar ógánach ag stad bus.

Mhaígh an t-ionchúiseamh freisin gur bhain sé le hábhar go raibh a fhios ag an triúr gur eachtrannaigh iad Josip Štrok agus David Družinec.

Cuireadh Mark Lee agus Anthony Delappe siar faoi choinneáil agus gearrfar pianbhreith orthu ar an 17 Samhain.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ