skip to main content

Trump ag maíomh as comhaontú nua leis an tSín

Donald Trump agus Xi Jinping i ndiaidh na gcomhráite a bhí acu sa Chóiré Theas
Donald Trump agus Xi Jinping i ndiaidh na gcomhráite a bhí acu sa Chóiré Theas

Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump gur tháinig sé féin agus Uachtarán na Síne Xi Jinping ar chomhaontú suntasach trádála i gcruinniú a bhí ag an mbeirt fhear i gcathair Busan sa Chóiré Theas.

Thug Trump le fios gur shocraigh sé ar tharaifí ar earraí ón tSín a laghdú ó 47% go 57% mar mhalairt ar ghealltanas ó Xi go gceannódh an tSín táirgí pónairí soighe ó na Stáit Aontaithe arís, go leanfadh an tSín ag soláthar mianrai tearcithreacha don mhargadh idirnáisiúnta agus go ndéanfadh an tSín tuilleadh le táirgeadh an druga feantainil sa tír sin a chosc.

Is mór an maíomh ag Trump an méid sin agus dúirt sé gur "cruinniú iontach ar fad" a bhí ann.

Ráiteas níos measartha a rinne Xi i ndiaidh an chruinnithe, más ea.

Dar leisean gur "tháinig ionadaithe an dá thír ar chomhaontú faoin mbealach is fearr le dul i gceann ceisteanna tábhachtacha eacnamaíochta agus trádála" agus "nár mhór anois bailchríoch a chur ar na mionsonraí agus ar aontaíodh a chur i bhfeidhm".

Is ag cruinniú mullaigh de cheannairí thíortha an Áigéin Chiúin a tháinig Trump agus Xi le chéile agus tuairiscítear gur dhá uair an chloig a mhair na comhráite idir an bheirt.

Thar aon cheist eile, teastaíonn ó na Meiriceánaigh ceist na mianrai tearcithreacha a réiteach ós sa tSín, thar aon tír eile, is mó atá siad le fáil.

Is ar chúrsaí eacnamaíochta agus trádála a díríodh sna comhráite idir Trump agus Xi agus is cosúil nár pléadh ceisteanna achrannacha polaitíochta ná míleata.

Dúirt Trump nár luadh a bhfuil i ndán don Téaváin, cuir i gcás, agus dealraíonn sé nach ndúradh oiread agus siolla faoin gcomhaontú nua míleata idir na Stáit Aontaithe agus an Chóiré Theas.

Ina cheann sin, cúpla nóiméad roimh an gcruinniú idir an bheirt cheannairí, d'fhógair Trump ar a mheán sóisialta féin go raibh rún ag na Stáit Aontaithe airm núicléacha a phromhadh an athuair, an chéad uair ó 1992.

An drae focal faoi sin ní dúirt ceachtar acu i ndiaidh an chruinnithe, áfach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ