Tá banc an PTSB curtha ar díol "le fonn an chéad chéim eile i bhfás an bhainc a bhrú chun cinn", mar a dúirt bord an bhainc.
Is leis an Stát 57% den bhanc i gcónaí agus thug an tAire Airgeadais Paschal Donohoe le fios go dtacaíonn an Rialtas leis an gcinneadh an banc a chur ar an margadh.
Dúirt Paschal Donohoe go ndearna an Stát infheistíocht sa bhanc aimsir na géarchéime airgeadais chun an earnáil baincéireachta agus taisceoirí a chosaint.
Is mithid anois, arsa sé, an t-airgead sin a fháil ar ais ar son an cháiníocóra agus a infheistiú "i dtograí is fóintí".
Dhíol an Stát cheana na sciartha a bhí aige i mBanc na hÉireann agus i mbanc an AIB.
I ndiaidh an dá bhanc sin, tá PTSB ar an tríú banc is mó sa Stát.
Thug PTSB le fios nach gcuirfeadh an scéala isteach ar ghnáthsheirbhísí an bhainc, beag ná mór.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ