skip to main content

Micheál Martin: 'gach seans go mb'fhearr Billy Kelleher a roghnú'

Ghabh Micheál Martin leithscéal le gach duine i bhFianna Fáil faoin "tubaiste" toghcháin
Ghabh Micheál Martin leithscéal le gach duine i bhFianna Fáil faoin "tubaiste" toghcháin

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil an Taoiseach Micheál Martin, agus é ag amharc siar ar an toghchán Uachtaránachta, go mb'fhéidir go mb'fhearrde an páirtí an Feisire Eorpach Billy Kelleher a roghnú mar iarrthóir in áit Jim Gavin.

D'fhógair Billy Kelleher go poiblí i mí Lúnasa gur mhian leis a bheith san iomaíocht ach dúirt Micheál Martin inniu go mb'fhearr leis dá nglaofadh Billy Kelleher air ag an am chun an scéal a phlé.

Micheál Martin agus leascheannaire Fhianna Fáil Jack Chambers araon, is iad a mhol Jim Gavin mar iarrthóir an pháirtí agus is é a roghnaíodh ar deireadh.

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt Micheál Martin inniu nárbh fhíor gur theann sé ar dhaoine sa pháirtí a gcrann a chur ar Jim Gavin thar an gCéileacharach.

Tharraing Jim Gavin amach as an toghchán nuair a tháinig sé chun solais go raibh airgead ag iarthionónta leis air agus gur dhiúltaigh sé é a íoc ar ais.

Ghlac Micheál Martin leis gur "tubaiste" d'Fhianna Fáil a bhí sa scéal ar fad agus ghabh sé leithscéal le gach duine sa pháirtí faoi sin.

Dhearbhaigh sé go ndéanfadh Fianna Fáil athbhreithniú inmheánach ar an scéal agus dúirt go mbreathnófaí ar an gcaoi a roghnaítear iarrthóirí go háirithe.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ