skip to main content

Oireachtas na Samhna oscailte i mBéal Feirste

Éamon Ó Cuív, Uachtarán an Oireachtais 2025
Éamon Ó Cuív, Uachtarán an Oireachtais 2025

Ag oscailt oifigiúil Oireachtas na Samhna san Ionad Comhdhála i mBéal Feirste inniu, mhol Aire na Gaeltachta Dara Calleary Uachtarán tofa na hÉireann Catherine Connolly faoin leas a bhain sí as an Ghaeilge ina feachtas toghcháin.

Bhí Catherine Connolly féin i láthair ag an ócáid agus chuir an tAire Calleary fáilte mhór roimpi.

Dar ndóigh, ní strainséir Catherine Connolly ag an Oireachtas ná i mBéal Feirste agus cé nár labhair sí os comhair an tslua bhí na céadta ag iarraidh a bpictiúr a fháil léi, ceann de na deiseanna deireanacha agus í fós ina duine mar chách ... sórt!

Is é Éamon Ó Cuív Uachtarán an Oireachtais i mbliana agus d'iarr sé ar na cuairteoirí i measc an tslua eolas a chur ar Bhéal Feirste agus ar an bhaint shuntasach a bhí agus atá ag muintir na cathrach le cur chun cinn na Gaeilge agus na n-ealaíon.

Ghabh sé buíochas le Comhairle Chathair Bhéal Feirste atá ag óstáil na féile den chéad uair ó 1997 agus le grúpaí Gaeilge uile na cathrach a d'eagraigh mórfhéile na nGael.

Oireachtas
Maithe móra ag moladh na hóige ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste

Cór na nÓg as Caisleán Ruairí i gCo an Dúin agus Cleamairí Feirste a chuir an tsiamsaíocht ar fáil díreach roimh an oscailt oifigiúil.

Tá siombalachas nach beag ag baint le hionad an Oireachtais ós as Béal Feirste an chéad Choimisineir Gaeilge sa Tuaisceart, Pól Deeds, a ceapadh sa phost inné.

Thar an pholaitíocht, féile chomórtha ar na taibhealaíona Gaeilge atá san Oireachtas agus tá sult le baint as an 200 ócáid éagsúil a bheas ar siúl ann as seo go Domhnach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ