Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil i gCorcaigh, gearradh príosún saoil ar bheirt fhear as dúnmharú Kieran Quilligan, fear a bhí ar iarraidh ar feadh cúig mhí sula bhfuarthas a chnámhiarsmaí i mála in oirthear an chontae sin.
37 bliain d'aois a bhí Kieran Quilligan, arbh as an Tóchar i gcathair Chorcaí é ó dhúchas.
Chonacthas é go deireanach sa chathair sin ar an 1 Meán Fómhair 2023.
Dúradh i dtriail na beirte fear a ciontaíodh an tseachtain seo caite ina dhúnmharú gur mealladh é chuig áit choinne, go ndearnadh luíochán air agus gur buaileadh go fíochmhar é go dtí gur fáisceadh an t-anam as.
Is iad an bheirt ar gearradh pianbhreith orthu inniu Luke Taylor, 27 bliain, as Lána na Silíní, an Dúcharraig, i gCorcaigh agus Niall Long, 33 bliain, as Clós Mhichíl, Machain, i gCorcaigh.
Dúradh gurbh é Luke Taylor a mheall Kieran Quilligan chuig an áit choinne agus gurbh é Niall Long a rinne luíochán air.
Líomhnaíodh go raibh drugaí agus airgead tirim goidte ag Kieran Quilligan ó Niall Long níos luaithe an lá sin agus gur ina éiric sin a maraíodh é.
Fuarthas a chnámhiarsmaí i mála i measc na muineacha i gcumar i gceantar Ros Tialláin in oirthear Chorcaí ar an 29 Eanáir 2024.
Dúirt muintir Kieran Quilligan sa chúirt inniu go raibh alltacht agus fearg orthu faoi mharú a mic agus dúirt a pháirtí Colette O'Driscoll go raibh scéala faighte aici féin agus ag Kieran go gairid sular maraíodh é go raibh áit chónaithe nua le cur ar fáil dóibh.
Ghearr an Breitheamh Siobhán Lankford príosún saoil ar Luke Taylor agus Niall Long, de réir mar atá sainordaithe i gcásanna dúnmharaithe.
Tugadh le fios thar ceann na beirte fear go raibh siad chun achomharc a dhéanamh in aghaidh a gciontaithe.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ