Tuairiscítear gur maraíodh thart ar 100 duine agus gur gortaíodh 200 eile in ionsaithe buamála a rinne fórsaí míleata Iosrael ar ionaid éagsúla in Gaza inné in ainneoin go bhfuil sos comhraic in ainm a bheith i bhfeidhm ansin le trí seachtaine.
Is cosúil gur pubaill agus árais chónaithe is mó a ionsaíodh agus deirtear go raibh 22 leanbh i measc na marbh.
Mhaígh Rialtas Iosrael go ndearnadh na ruathair aeir mar gur sháraigh Hamas an sos comhraic.
Dar leis na hIosraelaigh go ndearna Hamas ionsaí ar shaighdiúirí Iosraelacha in Gaza agus gur maraíodh duine acu.
Tuairiscitear go bhfuil na hIosraelaigh ag leanúint den bhuamáil in Gaza ar maidin inniu.
Is de réir phlean síochána Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump a cuireadh a bhfuil ann de shos comhraic i bhfeidhm agus dúirt seisean go raibh an ceart ag na hIosraelaigh na hionsaithe buamála a dhéanamh inné.
Mhaígh Trump freisin nach gcuirfeadh dada an sos comhraic i mbaol.
Tar éis an tsaoil, arsa sé, níl in Hamas ach cuid bheag den phróiseas síochána sa Mheánoirthear.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ