D'admhaigh ceannaire Aontú Peadar Tóibín gur mhill seisean a vóta i dToghchán na hUachtaránachta inné.
Dúirt sé gur chuir sé crosóg i mbosca gach aon iarrthóir agus ansin scríobh isteach ainm an iarrthóra ab ansa leis féin, ba í sin Maria Steen.
Dúirt sé go ndearna sé é seo mar gur bhraith sé nach raibh aon rogha polaitiúil ceart ann don phobal i dtaca le hiarrthóirí dhe.
Dúirt sé freisin gur chreid cuid mhór den phobal an rud céanna agus gur léirigh na vótaí neamhbhailí chomh maith le líon ard daoine nár bhac le vóta a chaitheamh an méid sin
'Is iad páirtithe Fhine Gael agus Fhianna Fáil faoi ndear an easpa rogha seo sa toghchán' a dúirt Peadar Tóibín.
I ráiteas ón gCoimisiún Toghcháin dúirt sé go gcaithfear breathnú go géar agus go coinsiasach ar na fáthanna gur shocraigh líon ard vótóirí a vóta a mhilleadh d'aon turas.
D'admhaigh sé go raibh an líon a bhí i gceist níos airde ná mar is gnách.