skip to main content

D'fhéadfadh sé gur Bealtaine 2026 an fothoghchán

Catherine Connolly ina TD i nGaillimh Thiar ó 2016
Catherine Connolly ina TD i nGaillimh Thiar ó 2016

Tá sé geall le bheith cinnte anois gurb í Catherine Connolly an t-uachtarán nua.

Ciallaíonn sin go gcaithfear fothoghchán dála a reachtáil i nGaillimh Thiar chun suíochán an Teachta Connolly a líonadh.

Glacfaidh an t-uachtarán nua móid na hoifige ar an 11Samhain.

6 mhí ar a mhéid atá ansin ann ón tráth sin,sula gcaithfidh an Rialtas fothoghchán a reachtáil.

Tuigtear go dtógfaidh an Rialtas an t-am mar nach é an Geimhreadh an t-am is fóirsteanaí le toghchán a reachtáil, ach freisin ar ndóigh gurb é a mheas nach bhfuil tacaíocht an phobail ró-láidir aige faoi láthair.

Dá réir d'fhéadfadh sé a bheith ina Bhealtaine 2026 sula bhfaighidh an pobal deis vóta a chaitheamh le suíochán an Teachta Connolly,Neamspleách a líonadh i nGaillimh Thiar.

5 shuíochán atá líonta sa dáilcheantar sin.

Beidh sé ceann gann má ghlactar leis go mbeidh Catherine Connolly insealbhaithe ar an 11Samhain.

Tá Catherine Connolly ina Teachta Dála do Ghaillimh Thiar ó 2016.