Tháinig vótaí céadrogha isteach i dtoghchán an lae inné do léithidí Donald Duck,Homer Simpson, agus Santa Claus.
Bhí pearsana beo aitheanta eile freisin á lorg ó dhaoine áirithe don Áras, ina measc Vladimir Putin agus Donald Trump.
Sin a thuairiscítear do cheantair áirithe i Luimneach, áit a bhfuil breis is 2,000 páipéar millte.
Is díol suntais líon na vótaí atá millte sa toghchán seo agus is cosúil go mbeidh sé ina scéal chomh mór le togha an uachtaráin féin.
Áirítear go bhful suas le 20% de na vótaí millte i dtoghcheantair áirithe.
I measc na nithe eile a scríobhadh ar pháipéir ballóide bhí noid bainteach le inimirce,coiriúlacht agus easpa rogha.
'Crith talún polaitiúil a bheadh ann dá sáródh líon na vótai millte líon na vótaí do Heather Humphreys' a dúirt ceannaire Aontú, Peadar Tóibín.