skip to main content

Catherine Connolly caithréimeach

Catherine Connolly i gCaisleán Bhaile Átha Cliath
Catherine Connolly i gCaisleán Bhaile Átha Cliath

Is í Catherine Connolly an chéad uachtarán eile ar an Stát.

Bhí bua slachtmhar ag an iarrthóir neamhspléach seo ó chathair na Gaillimhe, breis is 63% den phobal vótála ag tacú léi i dtoghchán an lae inné.

As na 43 dáilcheantar inar caitheadh vótaí, bhuaigh an Teachta Dála Connolly 42 díobh agus í ag gnóthú mórchuid na vótaí.

President of Ireland elect Catherine Connolly is pictured at Dublin castle as she is declared the winner of the presidential election
Lá mór do bhean na Gaillimhe agus í ina 10ú Uachtarán ar Stát na hÉireann

Ba é dáilcheantar Chabhán-Mhuineachán an t-aon cheann a d'éalaigh uaithi,iarrthóir Fhine Gael Heather Humphreys ag fáil an cheann is fearr uirthi ina dáilcheantar féin.

Ina haitheasc, inar labhair sí ar dtús i nGaeilge ar feadh breis is 3 nóiméad, dúirt Catherine Connolly go mbeadh sí ina huachtarán do chuile shaoránach sa tír.

Heather Humphreys at Dublin castle
'Níl lá aiféala maidir le tabhairt faoin bhfeachtas seo' a deir Heathar Humphreys

Gheall sí freisin go labhródh sí amach ar ábhair ar leag sí béim orthu ina feachtas toghchánaíochta a bhí sa tsiúl ó mhí Iúil.

'Beidh mé i mo ghlór don tsíochán' a dúirt sí, 'agus is glór é a chuirfidh le polasaí neodrachta na hÉireann'.

Tá a bua tréaslaithe léi ag an Uachtarán reatha, Michael D Higgins, An Taoiseach Micheál Martin agus An Tánaiste Simon Harris.

Chuir Heather Humphreys a comhghairdeachas in iúl freisin.

Breis is 900,000 vóta a fuair Catherine Connolly, 63% den phobal ag léiriú tacaíochta di.

Bhain Catherine Connolly Caisleán Bhaile Átha Cliath amach go caithréimeach níos túisce tráthnóna.

Ba ansin a fógraíodh toradh oifigiúil an toghcháin seo go gairid roimh 7.30i.n.

Photo shows Tánaiste Simon Harris being interviewed outside Dublin Castle
An Tánaiste Simon Harris i gCaisleán Bhaile Átha Cliath

29.5% den sciar a fuair Heather Humphreys.

Taoiseach Micheál Martin
An Taoiseach Micheál Martin ag cur a chomhghairdis in iúl

7.2% a fuair Jim Gavin ó Fhianna Fáil, an t-iarrthóir a tharraing amach as an rás roinnt seachtainí ó shin.

45.8% den phobal vótála a chuaigh ag na bothanna inné.

Díol suntais agus imní nach beag go raibh 13% de na vótaí sin a caitheadh neamhbhailí, sa bhreis ar 213,000 vóta.

Figiúir suntasach nuair a chuirtear i gcomparáid é leis an 18,000 vóta a bhí neamhbhailí sa toghchán deiridh i 2018.

Dúirt an Tánaiste,Simon Harris nach bhféadfaí neamhaird a dhéanamh de seo, gur lón machnaimh a bhí ann don Rialtas agus gur díol suntais freisin na teachtaireachtaí a fágadh ar na páipéir ballóide agus daoine ag milleadh na vótaí.