Tá tús curtha le sortáil agus comhaireamh na vótaí i dToghchán na hUachtaránachta.
32 ionad comhaireamh ar fad atá i gceist ar fud an Stáit agus osclaíodh boscaí ballóide ag a 9 a' chlog ar maidin.
Bhí deis ag an aon duine atá ar chlár na dtoghchóirí vóta a chaitheamh inné, aon am ón 7 a' chlog ar maidin go dtí gur dhún na bothanna vótála ag a 10 a'chlog aréir.
Úsáideadh ionaid éagsúla i 43 dáilcheantar don chúram seo.
Bhí líon na ndaoine a chaith vóta sách íseal suas go dtí a 6 a'chlog tráthnóna, deirtear gur mhéadaigh sin don 4 uair a' chloig deiridh.
Níltear cinnte fós áfach an mbeidh sé chomh hard leis an 44% a chaith vóta i 2018, an uair dheiridh a tionóladh toghchán uachtaránachta sa tír.
Beidh figiúirí oifigiúla ar fáil níos deireanaí sa lá.
Trí ainm a bhí ar an bpáipéar ballóide, Heather Humphreys ó Fhine Gael,Catherine Connolly,Neamhspleách agus an triú ainm,Jim Gavin, Fianna Fáil a tharraing amach as an toghchán seo roinnt seachtainí ó shin.
Chomh luath is a bheidh an chéad chomhaireamh thart cuirfear na torthaí ar aghaidh chuig oifigeach i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.
Má éiríonn le haon iarrthóir móramh a bhaint amach fógrófar an té sin tofa mar uachtarán.
Mura dtarlaíonn sin, féachfar ar aistriúcháin sa dara comhaireamh.
Tuigtear go mbeidh a fhios cé bheidh mar 10ú Uachtarán ar Éirinn faoin 7 a'chlog tráthnóna, nó b'fhéidir níos luaithe.