skip to main content

Cora Droma Rúisc an Baile is Slachtmhaire in Éirinn

Baile deismir Chora Droma Rúisc i gCo Liatroma
Baile deismir Chora Droma Rúisc i gCo Liatroma

Is é Cora Droma Rúisc i gCo Liatroma an Baile is Slachtmhaire in Éirinn, dar le breithiúna an chomórtais bhliantúil náisiúnta sin a eagraíonn an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, agus atá urraithe ag SuperValu.

Chomh maith leis an bpríomhghradam ginearálta sin, chinn na breithiúna go bhfuil Cora Droma Rúisc ar an mBaile Beag is Slachtmhaire leis.

Is é Deilginis i gCo Bhaile Átha Cliath an an Baile Mór is Slachtmhaire agus tá Ros Ó gCairbre i gCo Chorcaí ar an Sráidbhaile is Slachtmhaire.

Is é Trá Lí i gCo Chiarraí an Lárionad Uirbeach is Slachtmhaire.

Ghabh an tAire Dara Calleary buíochas leis an 30,000 oibrí deonach a thug faoin mórobair ghlantacháin a theastaíonn gach bliain leis an gcaighdeán slachtmhaireachta is airde a bhaint amach.

929 baile a bhí rannpháirteach sa chomórtas i mbliana, an líon is mó riamh ó bunaíodh é i 1958.

Is i gcaitheamh ráithe an tsamhraidh a dhéantar iniúchadh ar na bailte, a rangaítear de réir catagóirí éagsúla, agus tá duaiseanna faoi leith ann do bhailte Gaeltachta agus do bhailte ar oileáin.

Is ar Charraig Airt i gCo Dhún na nGall a bronnadh gradam na Gaeltachta.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ