skip to main content

Vótáil sa toghchán Uachtaránachta faoi lán seoil tráthnóna

Vóta caite ag an mochóir seo i Scoil Mhichíl Naofa i mBaile Átha Í i gCo Chill Dara, ceann de 5,500 ionad vótála
Vóta caite ag an mochóir seo i Scoil Mhichíl Naofa i mBaile Átha Í i gCo Chill Dara, ceann de 5,500 ionad vótála

Tá os cionn 5,500 ionad vótála ar fud an Stáit oscailte ó shorchú an lae, beagán roimhe déanta na fírinne, agus duine de bheirt le toghadh ag an bpobal ina hUachtarán na hÉireann, cibé acu Catherine Connolly nó Heather Humphrey í.

Gné shuaithinseach den toghchán seo a d'fhéadfadh dorchadas a dhéanamh don vótálaí, ámh, is ea ainm an tríú duine, Jim Gavin, a bheith ar an bpáipéar ballóide i gcónaí, siúd is gur tharraing sé amach as an toghchán beagnach trí seachtaine ó shin.

Is ag 7 a chlog a hosclaíodh na hionaid vótála, deis nár thapaigh ach an fánaí agus an fodhuine, mochóirí ó nádúr nó daoine broidiúla a mbíonn a seacht ndóthain le déanamh acu idir dhá cheann an lae.

Ina dhiaidh sin, agus na sramaí bainte dá súile ag an saol Fódlach, bhí maithe móra na polaitíochta ar na chéad daoine a chaith vóta – lena n-áiríodh an té atá ag cur faoi in Áras an Uachtaráin faoi láthair, Micheál D Ó hUigínn – eiseamláir a bhfuil súil acu a leanfaidh an duine mar chách.

President Michael D Higgins and his wife Sabina are pictured casting their votes in the Presidential Election
An tUachtarán Micheál D Ó hUigínn agus a bhean chéile Sabina ag caitheamh a vóta in Ospidéal Mhuire i bPáirc an Fhionnuisce
Fine Gael candidate Heather Humphreys with her daughter Eva and one-year-old grandaughter Charlotte
Heather Humphreys, a hiníon agus a gariníon ag an ionad vótála i gCúil Darach i gCo Mhuineacháin
Independent presidential candidate Catherine Connolly is pictured casting her vote in the election
Catherine Connolly ag caitheamh a vóta sa Chladach i nGaillimh

Cé go bhfuil 3.6 milliún duine i dteideal vóta a chaitheamh, ceaptar nach mbainfidh feidhm as an teidlíocht sin ach bordáil ar a leath.

Is 43.9% den phobal a chaith vóta sa toghchán Uachtaránachta deireanach in 2018, más treoir ar bith é sin.

Faoin iarnóin, agus críoch luath curtha le cúraimí oibre Aoine an deireadh seachtaine saoire bainc, bhí na fodhaoine iompaithe ina mbeirteanna agus ina dtriúir.

Fós féin, ní raibh an dlús vótálaithe a theastaíonn i dtoghchán údarach tagtha amach faoin am sin.

Faoina 7 a chlog tráthnóna, bhí an scéal athraithe. Bhí na teaghlaigh ag teacht amach agus bhí an vóta ag tarraingt ar an 40% in áiteanna.

Druidfear na hionaid vótála ag 10 a chlog anocht, cuirfear na boscaí ballóide faoi ghlas docht, tabharfar iad chuig lárionad i ngach toghcheantar agus coinneofar iad i gcaitheamh na hoíche san áit nach mbainfeadh an cat an clár díobh.

Tosófar ag scagadh agus ag comhaireamh na vótaí sna lárionaid sin ag 9 a chlog ar maidin amárach, fosaoid nach dtráfaidh nó go bhfógrófar an toradh amach sa lá.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ