skip to main content

Ionsaí déanta ar ionad cóiríochta i lár Bhaile Átha Cliath

Rinneadh roinnt damáiste don ionad cóiríochta i mBaile Átha Cliath 8
Rinneadh roinnt damáiste don ionad cóiríochta i mBaile Átha Cliath 8

Rinneadh ionsaí ar ionad cóiríochta d'iarrastóirí ar chosaint idirnáisiúnta i lár dheisceart Bhaile Átha Cliath tráthnóna inné.

Diúracadh rudaí éagsúla leis an ionad cóiríochta i mBaile Átha Cliath 8 a bhfuil thart ar 20 duine ina gcónaí ann.

Lasadh roinnt araidí taobh amuigh den ionad chomh maith.

Níor gortaíodh aon duine mar gheall ar an ionsaí ach briseadh fuinneoga agus b'éigean do na cónaitheorí dul ar foscadh ar chúl an tí.

Léiríonn íomhánna a foilsíodh ar na meáin shóisialta gur buíon bheag daoine a bhí freagrach as an ionsaí.

Bhí a gcinn folaithe ag cochaill agus chaith siad achasán leis na daoine a bhí istigh san ionad.

Deir na Gardaí gur cuireadh fios orthu agus gur tháinig siad ar an láthair go gairid tar éis 7 a chlog.

Tá an t-ionsaí cáinte ag an gcomhairleoir cathrach áitiúil, Darragh Moriarty ó Pháirtí an Lucht Oibre.

Mhaígh sé gur eagraíodh an drochobair roimh ré ar líne.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ