skip to main content

An dara fear ciontaithe i ndúnmharú Kieran Quilligan

Chonacthas Kieran Quilligan go deireanach ar an 1 Meán Fómhair 2024
Chonacthas Kieran Quilligan go deireanach ar an 1 Meán Fómhair 2024

Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil i gCorcaigh, ciontaíodh an dara fear i ndúnmharú Kieran Quilligan, fear 47 bliain d'aois a bhfuarthas a chnámhiarsmaí i mála i measc na muineacha in áit iargúlta in oirthear an chontae sin anuraidh.

Is é an té a ciontaíodh inniu Luke Taylor, 27 bliain, as Lána na Silíní, an Dúcharraig, i gCorcaigh.

Sa chúirt chéanna inné, ciontaíodh sa dúnmharú Niall Long, 33 bliain, as Clós Mhichíl, Machain, i gCorcaigh.

Bhí Kieran Quilligan ar iarraidh ón 1 Meán Fómhair 2024 agus fuarthas a chnámhiarsmaí cúig mhí ina dhiaidh sin i gcumar i gceantar Ros Tialláin.

Is cosúil gur buaileadh go trom é le casúr, nó acra mar é, agus bhí go leor dá chnámha briste.

Picture of Luke Taylor, who was accused of the murder of Kieran Quilligan in Cork
Luke Taylor

Dúradh sa chúirt, áfach, nach rabhthas in ann a dheimhniú cad go baileach ba thrúig bháis dó mar gheall go raibh an corp lofa faoin am a fuarthas é.

Dúradh freisin gur cosúil gur beart díoltais a bhí sa dúnmharú mar go raibh drugaí goidte ag Kieran Quilligan ó Niall Long.

Picture of Niall Long, who was accused of the murder of Kieran Quilligan in Cork
Niall Long

Cuireadh an bheirt chiontach siar faoi choinneáil go dtí Dé Céadaoin seo chugainn, tráth a ghearrfar príosún saoil orthu mar atá sainordaithe i gcásanna dúnmharaithe.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ