skip to main content

Urnaí ráite in éindí le chéile go poiblí ag an bPápa agus Rí Shasana

An Pápa Leon agus an Rí Séarlas taobh amuigh den Séipéal Sistíneach sa Vatacáin i ndiaidh na seirbhíse éacúiméiní
An Pápa Leon agus an Rí Séarlas taobh amuigh den Séipéal Sistíneach sa Vatacáin i ndiaidh na seirbhíse éacúiméiní

Dúirt an Pápa Leon XIV agus Rí Séarlas na Breataine urnaí in éineacht le chéile os comhair an phobail sa Vatacáin inniu, ar cor stairiúil agus dul chun cinn suntasach é, a deirtear, sa chaidreamh idir an Eaglais Chaitliceach agus Eaglais Shasana.

Ceannasaí Eaglais Shasana is ea an Rí Séarlas de réir chomharbas ríoga na tíre sin.

Cé go ndúirt Séarlas agus Pápaí eile paidreacha in éineacht le chéile cheana, seo an chéad uair ag Rí nó Ríon Shasana agus Pápa ar bith a leithéid a dhéanamh go poiblí ó scar Anraí VIII ón Eaglais Chaitliceach i 1534 agus bhunaigh Eaglais Shasana.

Is ag seirbhís éacúiméineach sa Séipéal Sistíneach a tháinig an Pápa Leon agus an Rí Séarlas le chéile leis na paidreacha a rá.

Ba é an tÁr nAthair, nó Paidir an Tiarna, an chéad phaidir a dúirt an dís fhear agus ba i mBéarla a dúirt siad é.

Ba iad an Pápa féin agus Ard-Easpag Eabhrac Stephen Cottrell príomhcheiliúraithe na seirbhíse.

Is é Ard-Easpag Eabhrac an cléireach is sinsearaí in Eaglais Shasana faoi láthair mar go bhfuil Ard-Easpag nua Canterbury fós le hinsealbhú.

Cóir ón dá Eaglais a chan na hiomainn ag an tseirbhís – Cór an tSéipéil Shistínigh, Cór Shéipéal an Rí agus Cór Shéipéal Naomh Seoirse i gCaisleán Windsor.

Ar cheann de na píosaí ceoil a seinneadh bhí iomann leis an gcumadóir Caitliceach as Sasana, Thomas Tallis, a mhair sa 16ú céad.

Sular umhlaigh siad os comhair na haltóra sa Séipéal Sistíneach, bhí comhráite príobháideacha ag an bPápa leis an Rí, agus lena bhean chéile an Bhanríon Camilla, sa Phálas Aspalda, áras cónaithe an Phápa.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ