Den dara hoíche as a chéile, ionsaíodh aréir comhaltaí den Gharda Síochána a bhí ar dualgas taobh amuigh d'ionad cóiríochta d'iarrastóirí ar chosaint idirnáisiúnta i dTeach Sagard in iardheisceart Chontae Bhaile Átha Cliath.
Deir na Gardaí gur diúracadh leo brící, buidéil, tinte ealaíne agus gach aon saghas smutáin a bhí ar aghaidh boise ag lucht an achrainn.
Gortaíodh triúr den 300 Garda a bhí ar dualgas lasmuigh d'Ionad Cóiríochta Iarthar na Cathrach agus tugadh beirt acu chun an ospidéil.
Brúdh siar an slua diaidh ar ndiaidh ach níor baineadh feidhm as an gcanóin uisce a bhí réidh le hoibriú ar an bpointe ag na Gardaí.
Gabhadh 23 duine le linn an mhí-oird a ndeir na Gardaí gur ógánaigh agus fir óga is mó a bhí freagrach as agus a bhfuil seacht nduine dhéag acu cúisithe ó shin i gcionta éagsúla.
Bhailigh thart ar 2,000 duine taobh amuigh den ionad cóiríochta tráthnóna arú inné tar éis d'fhear teacht os comhair cúirte agus é cúisithe in ionsaí gnéasach a dhéanamh ar chailín i dTeach Sagard ar an deireadh seachtaine.
Deir daoine atá ag cur fúthu san ionad cóiríochta gur comhairlíodh dóibh fanacht ina seomraí agus gan drannadh leis na fuinneoga.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ