I gcúirt i mBéal Feirste, fuarthas neamhchiontach an té dá ngairtear Saighdiúir F i mbeirt fhear a dhúnmharú le linn máirseáil ar son cearta sibhialta i gcathair Dhoire Domhnach na Fola.
Bhí Saighdiúir F, iarshaighdiúir in Arm na Breataine, cúisithe i ndúnmharú James Wray, 22 bliain d'aois, agus William McKinney, 27 bliain, beirt sibhialtach a lámhachadh i bPáirc an Ghleanna Fhada i dTaobh an Bhogaigh ar an 30 Eanáir 1972.
Sa chúirt inniu, dúirt an Breitheamh Patrick Lynch go raibh an cás a chuir an t-ionchúiseamh i láthair na cúirte go mór faoi bhun an chaighdeáin a theastaigh lena chruthú go raibh Saighdiúir F ciontach i ndúnmharú.
Dúirt an breitheamh nach raibh mar fhianaise in aghaidh Shaighdiúir F ach ar mhaígh beirt iarshaighdiúirí eile, Saighdiúir G agus Saighdiúir H, agus thug sé le fios go raibh "deacrachtaí" ag baint leis an bhfianaise chlostráchta sin.
Ina dhiaidh sin féin, dúirt an Breitheamh Lynch go ndearna saighdiúirí ón reisimint pharasiút dúnmharú an lá sin.
Scaoil na saighdiúirí le sibhialtaigh nach raibh armtha i bPáirc an Ghleanna Fhada, dhúnmharaigh siad beirt san áit sin agus ghortaigh siad roinnt eile, arsa sé.
Dar leis an mbreitheamh gur ghnóthaigh an reisimint pharasiút dea-chlú sa Dara Cogadh Domhanda ach dúirt sé gur tharraing na saighdiúirí i nDoire i 1972 míchlú ar an reisimint nuair a lámhach siad daoine sa droim, sibhialtaigh a bhí ag teitheadh uathu.
Chomh maith le James Wray agus William McKinney a dhúnmharú, bhí Saighdiúir F cúisithe in iarracht a dhéanamh ar chúigear eile a dhúnmharú an lá céanna.
Fuarthas neamhchiontach é sna cúisimh sin freisin inniu.
Phléadáil Saighdiúir F neamhchiontach sna cúisimh ar fad a bhí curtha ina leith.
Bhí sé i láthair sa chúirt gach lá den triail ach ceileadh é ar an bpobal taobh thiar de chuirtín.
Is trí dhuine dhéag, ógánaigh a bhformhór, a mharaigh na paratrúipéirí Domhnach na Fola.
Lámhach agus ghortaigh siad cúig dhuine dhéag eile ar a laghad agus bhásaigh duine acu cúpla mí ina dhiaidh sin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ