Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, gearradh téarmaí príosúin ar chúigear ó theaghlach an té a dhúnmharaigh Ashling Murphy in 2022 as cuidiú leis éalú ón dlí.
Gearradh príosún saoil ar Josef Puska i mí na Samha 2023 faoi dhúnmharú Ashling Murphy, múinteoir bunscoile 23 bliain d'aois.
Ionsaíodh agus maraíodh Ashling Murphy ar chosán taobh leis an gCanáil Mhór i dTulach Mhór i gCo Uíbh Fhailí ar an 12 Eanáir 2022.
Dúradh i dtriail Puska gur sháigh sé an bhean óg aon uair déag sa mhuineál.
Deartháireacha an dúnmharfóra – Marek Puska agus Lubomir Puska – ciontaíodh iad cheana in eolas a cheilt agus fios acu go bhféadfadh an t-eolas sin cuidiú leis na húdaráis Jozef Puska a chúiseamh sa dúnmharú.
Dhá bhliain go leith príosúin a gearradh ar an mbeirt inniu.
Cúig bliana príosúin an pionós is déine is féidir a ghearradh ar dhuine as an gcion áirithe sin.
Mná céile na ndeartháireacha – Jozefina Grundzova agus Viera Gaziova – ciontaíodh iadsan cheana in éadaí Jozef Puska a dhó le súil bac a chur ar na húdaráis é a chúiseamh sa dúnmharú.
21 mí príosúin agus dhá bhliain príosúin a gearradh ar an mbeirt sin faoi seach.
Bean chéile Jozef Puska – Lucia Istokova – murab ionann agus an chuid eile, phléadáil sí ciontach in eolas a cheilt sular cuireadh ar a triail í agus is 20 mí príosúin a gearradh uirthise inniu.
Is as an tSlóvaic teaghlach Puska.

Labhair athair Ashling Murphy sa chúirt faoi na téarmaí príosúin a gearradh ar an gcúigear inniu.
Mura gcuirfí i bpríosún iad, arsa sé, an sólás bídeach a fuair sé féin agus a theaghlach as an téarma príosún saoil atá Josef Puska a chur isteach, bheadh an sólás sin féin múchta, a dúirt sé.
Dúirt Amy Murphy, deirfiúr Ashling, gur scriosadh saol an teaghlaigh nuair a dúnmharaíodh Ashling.
Is ag coinneáil orthu atá siad, sin an méid, a dúirt sí, agus is ar éigean atá siad in araíocht an méid sin féin a dhéánamh.
Thar aon ní eile, arsa Amy Murphy, tá fearg uirthi faoin éagóir agus faoin gcostas ollmhór a bhain le ceathrar den chúigear a chur ar a dtriail.

Tharraing sí aird freisin ar an gcaint mhilis a rinne na dlíodóirí cosanta ar "shuáilcí" theaghlach Puska, ar chaint í a tháinig salach ar na fíricí, a dúirt sí.
Go deimhin, thug sí le fios go ndeachaigh an chaint mhealltach sin chomh mór i gcion uirthi agus ar an gcuid eile de theaghlach Murphy gur bheag nár chreid siad féin í.
Dúirt an Breitheamh Caroline Biggs gur thuig sí go rómhaith nach raibh sé d'acmhainn ag córas dlí agus cirt an Stáit fulaingt as cuimse theaghlach Murphy a mhaolú.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ