skip to main content

Fear a cúisíodh in ionsaí gnéasach curtha siar faoi choinneáil arís

Is ar nasc físe a tugadh an cúisí os comhair cúirte inniui
Is ar nasc físe a tugadh an cúisí os comhair cúirte inniui

Os comhair cúirte arís inniu bhí fear 26 bliain d'aois atá cúisithe in ionsaí gnéasach a dhéanamh ar chailín i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo caite.

Tugadh an fear os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Bhlainséir inné agus é cúisithe in ionsaí gnéasach a dhéanamh ar an gcailín, atá deich mbliana d'aois, i Lána Ghairtéir i dTeach Sagard in iardheisceart Chontae Bhaile Átha Cliath go moch ar maidin Dé Luain.

Tá an fear faoi choinneáil agus is os comhair Chúirt Dúiche Chnoc na Seamar ar nasc físe a tháinig sé inniu.

Dúirt aturnae an fhir sa chúirt nach mbeadh a chliant ag déanamh iarratas ar bhannaí go fóill.

D'iarr an t-aturnae ar an gcúirt measúnuithe síciatracha agus leighis a dhéanamh ar a chliant lena fháil amach an mbeadh sé in araíocht a chur ar a thriail.

Cheadaigh an Breitheamh Alan Mitchell an t-iarratas sin agus d'ordaigh freisin pé cabhair leighis a bhí ag teastáil ón bhfear a chur ar fáil dó agus é faoi choinneáil.

Cuireadh an cúisí siar faoi choinneáil an athuair agus tá sé le teacht os comhair Chúirt Dúiche Chnoc na Seamar ar nasc físe arís ar an 5 Samhain.

Ní féidir an fear ainmniú mar gheall ar a íogaire atá an chúis agus de bhrí gur mionaoiseach atá sa chailín.

Bhi dianslándáil i bhfeidhm i gcompal na cúirte le linn na héisteachta.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ