skip to main content

Foréigean i mBaile Átha Cliath 'eagraithe ar líne roimh ré'

Lasadh veain leis na Gardaí le linn na gcaismirtí i dTeach Sagard aréir
Lasadh veain leis na Gardaí le linn na gcaismirtí i dTeach Sagard aréir

Deir na Gardaí gur eagraíodh ar líne agus gur comhordaiodh roimh ré an foréigean a tharla aréir taobh amuigh d'ionad cóiríochta d'iarrastóirí ar chosaint idirnáisiúnta i dTeach Sagard in iardheisceart Chontae Bhaile Átha Cliath.

Dar leis na Gardaí gur ghríosaigh grúpaí éagsúla atá gníomhach ar na meán sóisialta go háirithe, gur ghríosaigh siad daoine chun fuatha agus chun foréigin.

Bhí faisnéis roimh ré ag Gardaí Bhaile Átha Cliath go raibh an t-achrann á bheartú agus chuir siad gairm ar Ghardaí breise as contaetha eile le tacú leo.

Is é an tArd-Cheannfort Michael McNulty a bhí i gceannas na nGardaí a bhí ar an mball aréir, agus dúirt sé gur tharla an foréigean tar éis do thart ar 2,000 duine páirt a ghlacadh in agóid taobh amuigh d'Ionad Cóiríochta Iarthar na Cathrach, an t-iaróstán ansin.

Brící, buidéil, tinte ealaíne agus cóin thráchta, bhí siad i measc an uile chineál ábhair a diúracadh leis na Gardaí le linn na scliúchas.

Photo shows firework exploding in front of gardaí at Citywest in Dublin
Tinte ealaíne i measc an ábhair a diúracadh leis na Gardaí

Cuireadh veain leis na Gardaí trí thine agus rinneadh loitiméireacht ar an stad Luas sa cheantar.

Deir na Gardaí go raibh acraí garradóireachta freisin ag cuid den dream a ghlac páirt san fhoréigean, leithéidí pící rómhair.

Rinne roinnt daoine iarracht línte na nGardaí a bhearnú agus baineadh feidhm as sprae piobair lena mbrú siar.

Dhá uair an chloig go leith a mhair an foréigean agus deir na Gardaí gur ghabh siad cúigear i gcaitheamh an achair sin agus an séú duine ina dhiaidh sin.

Deir siad gur gortaíodh sa chois Garda mná ach níl sé ráite cén bhail atá uirthi.

Tá an foréigean cáinte ag polaiteoirí éagsúla, lena n-áirítear an Taoiseach, an Tánaiste agus an tAire Dlí agus Cirt, agus dúirt Coimisinéir an Gharda Síochána Justin Kelly gur bithiúntas ba chionsiocair leis.

Ar maidin, tugadh cúigear fear os comhair cúirte agus iad cúisithe i gcionta a bhaineann leis an ord poiblí a shárú agus in airm a bheith ina seilbh acu.

Níor cúisíodh an séú duine, bean, ach tá comhad faoina cás le cur ag na Gardaí chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ