skip to main content

Tá leathanach Facebook Gaeilge á rith ag CGTN, gur rannóg idirnáisiúnta de Theilifíse na Síne é.

Tá 40,000 leantóir ag an leathanach Facebook, CGTN
Tá 40,000 leantóir ag an leathanach Facebook, CGTN

Bhí ionadh orm le déanaí, agus mé ag scrolláil ar na meáin shóisialta go fánach, gan aird ná treoir, nuair a chonaic mé postáil ar Facebook faoi ollpharáid sa tSín, a bhí ar siúl i Béising ar 3 Meán Fómhair, chun comóradh a dhéanamh ar an tráth a tháinig an Dara Cogadh Domhanda chun críche.

Paráid Lá an Bhua, a tugadh air, agus bhí ceannairí stáit ar nós Vladimir Putin na Rúise, Kim Jong Un na Cóire Thuaidh agus Masoud Pezeshkian na hIaráine i láthair, i measc ceannairí eile a bhfuil amhras fúthu san Iarthar.

Níor chuir sé ionadh orm an phostáil a bheith ann – rinneadh go leor tráchtaireachta ar an ócáid ar fud an domhain, agus dúirt ceannasaí polasaí eachtrach an AE, Kaja Kallas, gur léir gur iarracht a bhí ann "comhghuaillíocht frith-Iarthair a chur ar bun" - ach chuir sé ionadh orm go raibh an phostáil as Gaeilge. Bhí sí scríofa go cuisíoch cruinn; cúis iontais eile, ó tharla nach bhfuil intleacht shaorga iomlán oilte ar an tuiseal ginideach - ná ar nathanna cainte na Gaeilge - go fóill.

Ní dhearnadh aon tagairt sa phostáil ach an oiread do cheannairí áirithe a bheith i láthair, a bhfuil amhras fúthu san Iarthar.

accessible

Chliceáil mé ar an bpostáil agus chonaic mé go raibh sí scríofa ag CGTN Gaeilge, cuntas Facebook a bhfuil 40,000 leantóir aige. Tá a bhformhór lonnaithe taobh amuigh d'Éirinn, ach tá go leor daoine a labhraíonn Gaeilge i ndáiríre - agus go bhfuil aithne agam orthu – á leanúint freisin.

Tá ábhar an chuntais deas. Picitiúirí deasa, scéalta deasa, físeáin dheasa.

Tá gach rud dearfach.

Tá CGTN (China Global Television Network) á rith ag Roinn Phoiblíochta Pháirtí Cummannach na Síne. Is í an rannóg idirnáisiúnta í de Theilifíse na Síne, CCTV.

Tá sé curtha i leith CGTN ag go leor rialtóirí - agus ag Iriseoirí Gan Teorainneacha – go bhfuil CGTN go scaipeadh bolscaireachta ar fud an domhain ar son an Pháirtí Chumannaigh sa tSín. Deir siad nach bhfuil i gceist ach ceilteanas; gur iarracht na Síne atá ann cuma na maitheasa a chur ar chúrsaí Síneacha ar an ardán idirnáisiúnta.

Sa Ríocht Aontaithe, tharraing Ofcom ceadúnas craoltóireachta CGTN siar, de bharr é a bheith faoi smacht an Pháirtí Chumannaigh, a thug siad le fios. Dúirt Ofcom go raibh CGTN claonta, sa chlúdach a rinne siad ar agóidí in Hong Cong i 2019 agus i 2020 ach go háirithe.

BTS Putin Xi and Kim 169
Bhí Vladimir Putin na Rúise agus Kim Jong Un na Cóire
Thuaidh i láthair - ar cuireadh ó Xi Jingping - ag paráid i mBéising na Síne
chun comóradh a dhéanamh ar an tráth a tháinig an Dara Cogadh Domhanda chun críche.

Tá CGTN fós ag craoladh i dteangacha éagsúla. Agus foilsíonn siad nuacht ar na meáin shóisialta in 85 teanga, Gaeilge ina measc.

Sea, tá CGTN á rith ag Páirtí Cumannach na Síne!

Bhí mé thar a bheith fiosrach faoin tráth seo agus chuaigh mé i dteagmháil leis an bhfear go bhfuil an cuntas Facebook á rith aige. Is fíordhuine é, seachas bota.

Síneach atá ann, go bhfuil Gaeilge ar a thoil aige. Tá na blianta caite aige roimhe seo in Éirinn, cé go bhfuil sé ina chónaí arís sa tSín le tamall maith anuas. Múinteoir is ea é, agus bíonn sé ag aistriú ábhair a fhaigheann sé ó CGTN - atá faoi smacht an Pháirtí Chumannaigh – go Gaeilge.

"Ní roghnaím na scéalta mé féin...is é CGTN a chuireann na scéalta ar fáil", a dúirt sé liom. "Bím ag foilsiú idir scéal amháin agus trí scéal gach lá. Úsáideann CGTN intleacht shaorga leis na scéalta a aistriú, ach is féidir liomsa na botúin a cheartú."

Níl cead aige agallaimh a dhéanamh leis na meáin idirnáisiúnta, a dúirt sé liom, ach tá áthas air go bhfuil mé ar an eolas faoi CGTN Gaeilge. Agus más mian liom, a dúirt sé, is féidir liom é a mholadh d’Éireannaigh.

De réir a bheathaisnéise ar líne:

"Since its establishment, the CGTN Gaeilge Facebook account has steadily grown in influence, contributing to China’s international communication strategy, promoting Chinese culture, and strengthening Sino-Irish friendship."

Labhair mé le hiarchomhghleacaí an té atá ag rith an chuntais. Síneach eile is ea é atá fós ina chónaí in Éirinn. Is cainteoir Gaeilge eisean chomh maith. "Cé go bhfuilim cinnte go ndéanann sé an togra le hintinn mhaith", a dúirt sé, "níl an t-ábhar, ar an iomlán, neamhurchóideach."

Bhí ionadh an domhain orm go gcaithfeadh CGTN an dua seo leis an nGaeilge.

"Ní chuireann sé aon imní orm, áfach", a dúirt an saoririseoir teicneolaíochta, Emmet Ryan. "Tá iliomad foinse nuachta eile ba chóir dúinn a bheith imníoch fúthu, atá i bhfad níos contúirtí. Mar chainteoir Gaeilge, táim cineál bródúil go gceapfadh na Sínigh go bhfuilimid tábhachtach go leor mar ghrúpa gur fiú dóibh bolscaireacht a chur ar fáil, atá dírithe orainne."

accessible
Deir Emmet Ryan nach cúis rómhór imní é go bhfuil an tSín ag foilsiú ábhar as Gaeilge

Bíodh is go bhfuil cuma ghreannmhar ait ar an scéal seo, ardaíonn sé ceisteanna faoi na hiarrachtaí a dhéanann an Páirtí Cummanach chun an tSín a chur in iúl don domhan mór ar an dóigh ba mhaith leis na Sínigh í a bheith curtha in iúl.

Thug, Louisa Lim, iriseoir agus bean acadúil ón mBreatain, gur de bhunadh na Síne í, le fios roimhe seo:

"the aim [of CGTN] is to influence public opinion overseas in order to nudge foreign governments into making policies favourable towards China’s Communist party through subtle means."

Deir Coimisiún na Meán nach bhfuil ceadúnas craoltóireachta ag CGTN in Éirinn. Mar sin, a deir siad, ní gá dóibh rialacha meán na tíre seo a chomhlíonadh.

Maidir le cuntais CGTN ar na meáin shóisialta, dúirt Coimisiún na Meán:

"Faoin Acht um Sheirbhísí Digiteacha, tá sé de cheart ag úsáideoirí gearáin a chur faoi bhráid na n-ardán digiteacha, sa chás go bhfuil siad den tuairim go sáraíonn postálacha an dlí nó go sáraíonn siad coinníollacha agus téarmaí an ardáin féin. Ba chóir d’úsáideoirí a fheiceann ábhar díobhálach gearán a dhéanamh agus ba chóir go mbeadh proiséas gearáin sothuigthe agus so- úsáidte curtha ar fáil ag na hardáin."

Deir Coimisiún na Meán nach bhfuil ceadúnas craoltóireachta ag CGTN in Éirinn
agus mar sin, ní gá do CGTN rialacha craolacháin na hÉireann a chomhlíonadh. Ach molann CnaM
don phobal aon údar gearáin atá acu faoi ábhar a fheiceann siad ar líne a chur in iúl don ardán féin

Deir CnaM gur chóir d’úsáideoirí nach ndéanann aon dul chun cinn lena ngearán leis na hardáin digiteacha teagmháil a dhéanamh go díreach le CnaM féin. Oibríonn CnaM ar bhealach córasach. Tá sé de chúram orthu, "an obair thábhachtach a dhéanamh chun tírdhreach meán atá faoi bhláth, éagsúil, cruthaitheach, sábháilte agus iontaofa a fhorbairt", a deir siad.

Ní hionann sé seo ar fad agus a rá go bhfuil cuntas CGTN Gaeilge ag sárú an dlí, ná ag sárú thearmaí agus coinníollacha Meta. Mar sin féin, tá sé aisteach a bheith ag léamh, i gCéad Teanga Oifigiúil na hÉireann, faoin gcuairt shuairc a thug Xi Jingping ar Xinjiang le gairid, chun comóradh 70 bliain a dhéanamh ar

accessible
Cur síos ar chuairt shuairc Xi Jingping ar Xinjiang le gairid, chun comóradh 70 bliain a dhéanamh ar
bhunú an stáit féinrialaithigh sin, amhail is nach ndearnadh géarleanúint ar na hUigiúraigh ar chor ar bith.

É sin ráite, d’fhéadfaí a argóint gur bolscaireacht, de chineál amháin nó de chineál eile, é go leor den ábhar a fheiceann muid ar líne, aniar nó anoir.

"Cuireann sé i gcuimhne dúinn", a deir Emmet Ryan, "aon uair atá muid ag léamh nuachta ar líne, caithfidh muid an cheist a chur orainn féin: 'cé a scríobh an scéal seo agus cén fáth ar scríobh siad é?’"