skip to main content

Fear ag pléadáil ciontach i mbagairt ar Simon Harris

Patrick Grealish taobh amuigh de Chúirt Dúiche Dhoire an Fhéich ag éisteacht eile den chás cheana
Patrick Grealish taobh amuigh de Chúirt Dúiche Dhoire an Fhéich ag éisteacht eile den chás cheana

I gCúirt Dúiche Dhoire an Fhéiich i gConamara, phléadáil fear 48 bliain d'aois ciontach i mbagairt ar líne i mí Lúnasa anuraidh go maródh sé an Tánaiste Simon Harris agus a theaghlach nó go ndéanfadh sé díobháil thromchúiseach dóíbh.

Sin é Patrick Grealish, as Garraí an Choirce, Leitir Mealláin, i gConamara, ar scaoileadh saor ar bannaí é go dtí an 16 Nollaig.

Dúradh sa chúirt go réiteofaí tuairisc promhaidh agus ráiteas tionchair íospartaigh idir an dá linn.

Gabhadh Patrick Grealish i mí Lúnasa 2024 agus cúisíodh é i mbagairt ar Simon Harris go maródh sé é agus a theaghlach, nó go ndéanfadh sé díobháil thromchúiseach dóibh, sa chaoi go gcreidfeadh Simon Harris go gcuirfí an bhagairt i ngníomh.

D'ordaigh an chúirt cheana nach raibh cead ag Patrick Grealish dul ar líne fad is a bhí sé ar bannaí, agus go gcaithfeadh sé a phas a thabhairt ar láimh do na Gardaí agus fanacht sa bhaile idir 11 a chlog san oíche agus 7 a chlog ar maidin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ