Tá ceathrar comhaltaí den Gharda Síochana as láthair ón obair i nDún Garbhán i gCo Phort Láirge agus iad gortaithe de dheasca dhá eachtra ionsaithe ar an mbaile an tseachtain seo caite.
Gortaíodh cúigear ar fad – sáirsint agus ceathrar Gardaí, iad go léir ón aonad céanna Gardaí.
Tá duine amháin tar éis filleadh ar a chuid oibre ach tá ceathrar fós as láthair.
B'éigean duine díobh a thabhairt chun an ospidéil.
Tharla eachtra amháin i stáisiún na nGardaí oíche Déardaoin.
Tá sé líomhnaithe gur bhuail duine a bhí gafa acu go trom beirt Ghardaí.
Gortaíodh beirt eile nuair a thug buíon fúthu agus iad ag iarraidh bean a ghabháil mar gheall ar eachtra sráide.
Tuigtear go mbeidh ar bhainistíocht na nGardaí comhaltaí a aistriú ó cheantair eile, lena n-áirítear cathair Phort Láirge, chun an bhearna a líonadh.
Tharla ionsaí eile Dé Domhnaigh agus tá físeán ann den eachtra.
Tá beirt fhear le feiceáil ann agus Gardaí á lascadh agus á mbualadh acu, agus duine eile ag taifeadadh.
Bhí ar na Gardaí bataí a úsáid chun smacht a chur ar chúrsaí.
Gabhadh beirt mar thoradh ar an eachtra.