Tugadh fear 26 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Bhlainséir i mBaile Átha Cliath ar maidin inniu agus é cúisithe in ionsaí gnéasach a dhéanamh ar chailín deich mbliana d'aois go moch ar maidin inné.
Tá an cailín faoi chúram Tusla, an ghníomhaireacht um leanaí agus an teaghlach, ach theith sí óna cúramóirí arú inné agus iad ag tabhairt geábh ar lár Bhaile Átha Cliath.
Nuair a tháinig sí i láthair a cúramóirí an athuair inné, dúirt sí go ndearnadh ionsaí gnéasach uirthi agus cuireadh fios ar na Gardaí.
Tá an fear a tugadh os comhair cúirte inniu cúisithe in ionsaí gnéasach a dhéanamh ar an gcailín i Lána Ghairtéir i dTeach Sagard in iardheisceart Chontae Bhaile Átha Cliath.
Dúirt Garda sinsearach sa chúirt gur thug an fear le fios nach raibh dada le rá aige nuair a cúisíodh é i Stáisiún Gardaí Chluain Dolcáin inné.
Cuireadh an fear siar faoi choinneáil agus tabharfar é os comhair Chúirt Dúiche Chnoc na Seamar amárach.
Tuigtear go ndéanfaidh an cúisí iarratas ar bhannaí sa chúirt sin amárach agus d'iarr a aturnae ateangaire Araibise a chur ar fáil dá chliant.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ