skip to main content

Toghchán Uachtaránachta: an díospóireacht dheireanach anocht

Catherine Connolly agus Heather Humphreys le dul in árach a chéile ar theilifís RTÉ anocht
Catherine Connolly agus Heather Humphreys le dul in árach a chéile ar theilifís RTÉ anocht

Tá an bheirt iarrthóirí sa toghchán Uachtaránachta i mBaile Átha Cliath inniu agus iad ag fáil faoi réir don díospóireacht dheireanach eatarthu a bheas ar siúl ar ar theilifís RTÉ anocht.

Is í Miriam O'Callaghan a bheas mar chathaoirleach ar an díospóireacht.

De réir na bpobabhreitheanna, tá tús suntasach ag iarrthóir na heite clé Catherine Connolly ar iarrthóir Fhine Gael Heather Humphreys.

Mar sin féin, 49% de na daoine a ceistíodh i bpobalbhreith an Irish Times Ipsos B&A a foilsíodh Déardaoin seo caite, dúirt siad nach ionann an dearcadh atá acusan ar an saol agus an dearcadh atá ag ceachtar den bheirt iarrthóirí.

Dúirt 18% nach raibh siad cinnte cé dó a dtabhairfidís a vótá lá an toghcháin.

Thug 12% le fios nach gcaithfidís aon vóta agus dúirt 6% go raibh sé i gceist acu a vóta a mhilleadh.

Dúirt 5% go raibh rún acu vótáil ar son Jim Gavin, iariarrthóir Fhianna Fáil a mbeidh a ainm ar an bpáipéar balóide i gcónaí in ainneoin gur tharraing sé amach as an toghchán.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ